Nuacht Mhall

29 Deireadh Fómhair 2022 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Is é Rishi Sunak an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain. Bhuaigh Sunak rás ceannaireachta na dTóraithe nuair a d'éirigh Boris Johnson agus Penny Mordaunt as an rith. Bhí orthu níos mó ná céad vóta a fháil ó Fheisirí Westminster chun dul ar aghaidh chuig toghchán acht ba é Sunak an t-aon duine a bhain an líon sin vótaí amach agus de réir sin tá sé ina Phríomh-Aire go huathoibríoch. Chaill Sunak an rás ceannaireachta deireanach in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair, nuair a bhí baill an Pháirtí Choimeádaigh ar fud na Breataine ag vótáil. Tá ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre agus an Pháirtí Dhaonlathaigh Liobrálaigh ag lorg olltoghcháin go luath, ach ní chaithfidh na Tóraithe olltoghchán a fhógairt go ceann dhá bhliain eile. 

Bhuaidh Éire cluiche ‘stairiúil’ in aghaidh Sasana sa chruicéad ag an gCorn Domhanda T20 in Melbourne. D’imir siad tríd an mbáisteach chun bua cúig rith a bhaint amach. Bhuaigh foireann na hÉireann in aghaidh na nIndiacha Thiar an tseachtain seo caite chun áit a fháil sa dara babhta den Chorn Domhanda T20 den chéad uair ó bhí 2009 ann. Beidh an fhoireann Éireannach ag imirt in aghaidh na hAfganastáine ina gcéad chluiche eile, agus iad ag iarraidh áit a fháil sa bhabhta leathcheannais.

D’aontaigh comh-aireacht Rialtas na hÉireann reachtaíocht imlíneach a cheadóidh uaireanta oscailte níos faide do thithe tabhairne agus do chlubanna oíche. Faoin reachtaíocht nua beidh cead ag tithe tabhairne a bheith ar oscailt idir leathuair tar éis a deich ar maidin agus leathuair tar éís meán óiche, seacht lá sa tseachtain. Beidh clubanna in ann fanacht ar oscailt go dtí a sé a chlog ar maidin. Dúirt an tAire Turasóireachta Catherine Martin go gcruthóidh an rogha geilleagar na hóiche níos fearr. Ceaptar go mbeidh na hathruithe curtha in áit an bhliain seo chugainn má cheadaítear an reachtaíocht san Oireachtas.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Feisirí Westminster - Westminster MPs

rás ceannaireachta - leadership race

cúig rith - five runs

in aghaidh na nIndiacha Thiar - against the West Indies

reachtaíocht imlíneach - outline legislation

geilleagar na hóiche - night-time economy

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners