Nuacht Mhall

12 Samhain 2022 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Tá Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide, nó COP27, ar siúl in Sharm El Sheikh san Éigipt. Tá níos mó ná nócha ceann stáit agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair. Tá an Chomhdháil ag tarlú agus níos mó fianaise ná riamh tagtha chun solais go bhfuil an pláinéad i staid éigeandála agus go bhfuil géarghá le héirí as úsáid breoslaí iontaise chomh luath agus is féidir. Deirtear go raibh an teocht is airde riamh againn le hocht mbliana anuas. Ag an am céanna, cáineadh an Chomhdháil mar go bhfuil an comhlacht Coca-Cola ina urraitheoir uirthi.

Tharla toghcháin lár téarma Dé Máirt i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhíothas ag súil le "tonn dhearg" agus suíocháin bhreise sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe don Pháirtí Poblachtánach, ach d'éirigh leis an Daonlathach John Fetterman in Pennsylvania agus theip ar roinnt iarrthóirí a thacaíonn leis an iarUachtarán, Donald Trump. Táthar ag súil go bhfógróidh Trump go mbeidh sé ag seasamh sa toghchán uachtaránachta arís i gceann dhá bhliain ach beidh iomaíocht aige ina pháirtí féin mar ba mhaith le Ron DeSantis ó Florida seasamh in 2024 freisin.

Bhí bua mór ag foireann rugbaí na hÉireann an tseachtain seo caite nuair a bhuail siad ar sheaimpíní an domhain, an Afraic Theas, le trí phointe, sa Staid Aviva i mBaile Átha Cliath. Tá Éire sa chéad áit i rangú an domhain faoi láthair agus táthar ag súil go n-éireoidh go maith leis an bhfoireann i gCorn an Domhain sa Rugbaí sa Fhrainc an bhliain seo chugainn. Níl taifead maith ag Éirinn sa chomórtas sin, áfach, ach tá an fhoireann tar éis an bua a fháil ar fhoirne mór le rá amhail an Afraic Theas agus an Nua-Shéalainn le déanaí. Tá foireann na hÉireann ag imirt in aghaidh Fidsí inniu.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

breoslaí iontaise - fossil fuels

urraitheoir - sponsor

tonn dhearg - red wave

Teach na nIonadaithe - the House of Representatives

rangú an domhain - world ranking

foirne mór le rá - big teams

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners