Nuacht Mhall

1 Deireamh Fómhair 2022 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Fógraíodh buiséad nua in Éirinn Dé Máirt, ina leagadh amach roinnt beart chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais maireachtála. Gheobhaidh gnólachtaí suas le deich míle euro sa mhí chun cuidiú le billí fuinnimh agus gheobhaidh achan líon tí sé chéad euro de chreidmheas leictreachais. Beidh níos mó ná ceithre chéad míle duine breise i dteideal cúram saor in aisce ó dhochtúirí teaghlaigh a fháil ó mhí Aibreáin an bhliain seo chugainn, agus beidh cáin nua ar thithe folmha. Gheobhaidh tionóntaí creidmheas cánach de luach cúig chéad euro agus ardófar an tairseach don ráta cánach ioncaim is airde ó tríocha a seacht míle euro go daichead míle euro. In ainneoin na n-athruithe, is dócha go mbeidh a lán deacrachtaí i ndán don chuid is mó de dhaoine sa gheimhreadh.

San Úcráin, reachtáladh reifrinn i gceithre réigiún ina bhfuil smácht ag arm na Rúise. Cáineadh na reifrinn go hidirnáisiúnta agus mhol rialtas na hÚcráine dá shaoránaigh gan páirt a ghlacadh sa phróiseas, ós rud é nach reifrinn shaora atá iontu. Dé Céadaoin d'iarr ceannairí Luhansk agus Donetsk ar Putin na réigiúin seo a ionghabháil. Meastar gur mhaith le Putin teorainn na Rúise a bhogadh ionas go mbeidh sé in ann a rá gur cogadh cosanta atá ar siúl aige, ach go dtí seo níor ghlac tír ar bith eile le torthaí na reifreann ná iarrachtaí Putin críocha na Rúise a leathadh. Mhol rialtais Mheiriceá, na Polainne agus na Bulgáire dá saoránaigh an Rúis a fhágáil láithreach.

Tuairiscítear go bhfuil mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara i measc na gcreachadóirí atá tagtha ar ais ar an fhód ar fud na hEorpa. Rinneadh taighde ar chaoga speiceas fiadhúlra a bhfuil méadú tar éis teacht ar líon agus dáileadh na n-ainmhithe agus is léir go bhfuil tionchar ag cosaint dhleathach, athchóiriú gnáthóige agus athbhunú ainmhithe ar an athrú. É sin ráite, tá fhadhb mhór fós ann maidir le cailliúint bithéagsúlachta. Táthar ag súil go rachaidh dlí nua Eorpach um athchóiriú dúlra i ngleic leis an fhadhb. I measc na n-athruithe atá molta ná laghdú ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

creidmheas cánach - tax credit

tairseach - threshold

ionghabháil - annexe

cogadh cosanta - defensive war 

mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara - wolves, brown bears and white-tailed eagles

athchóiriú gnáthóige - habitat rehabilitation

athbhunú ainmhithe - reintroduction of animals

lotnaidicídí ceimiceacha - chemical pesticides

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners