Nuacht Mhall

6 Lúnasa 2022 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.

Bhí bean chéile Uachtarán na hÉireann, Sabina Higgins, páirteach i gconspóid an tseachtain seo mar thoradh ar litir a scríobh sí chuig an Irish Times maidir lena thráchtaireacht ar an gcogadh san Úcráin. Sa litir, atá bainte de shuíomh idirlín an Árais anois, scríobh Sabina go raibh díomá uirthi nár spreag an nuachtán aon idirbheartaíocht ar son sos cogaidh a d’fhéadfadh teacht ar shocrú síochána. Dúirt an Taoiseach nár shíl sé go raibh sé seo ar neamhréir le seasamh an rialtais, a bhí i gcónaí den tuairim go raibh an t-ionradh mídhleathach agus mímhorálta. D’eisigh oifigigh an Uachtaráin ráiteas freisin ag rá gur cháin sé an t-ionradh arís agus arís eile. D’fháiltigh ambasadóir na Rúise in Éirinn, Yuriy Filatov, roimh thuairimí Sabina, ag rá go raibh moladh Mrs Higgins ar neamhréir le seasamh na Rúise.

Tá an scannán Gaeilge, An Cailín Ciúin, roghnaithe mar iontráil Oscars na hÉireann don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Bunaithe ar an úrscéal ‘Foster’ le Claire Keegan, tá an scannán suite sna hochtóidí agus leanann sé cailín óg darb ainm Cáit a chuirtear chun fanacht lena gaolta ar feadh samhraidh faoin tuath in Éirinn. Ba é an scannán, a stiúraigh Colm Bairéad, an chéad scannán i nGaeilge a léiríodh ag an bhféile scannán i mBeirlín agus tá iliomad gradam buaite aige cheana féin, lena n-áirítear gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Rinneadh é mar chuid de scéim dar teideal Cine4, tionscnamh léiriúcháin agus forbartha a chuireann maoiniú ar fáil do phríomhscannáin a dhéantar i nGaeilge. Roghnófar cúig scannán idirnáisiúnta déag anois agus nochtfar an gearrliosta deiridh de chúig cinn roimh an searmanas i mí Eanáir.

Deireadh seachtaine suntasach a bhí ann do spórt na mban. Bhí ceithre chéad nócha a haon míle duine as breis agus caoga tír ag féachaint ar chluiche ceannais Pheil na mBan Dé Domhnaigh idir an Mhí agus Ciarraí. Fanann an Mhí mar Sheaimpíní na mBan d’Éirinn le scór deiridh de thrí a deich in aghaidh seachtar do Chiarraí. I Sasana, rinne ‘the Lionesses’ ceiliúradh chomh maith agus iad ag buachan an choirn i gCraobhchomórtas na hEorpa 2022 den chéad uair i gcoinne na Gearmáine. Ba é seo an chéad bhua mór ag foireann Shasanach freisin ó bhuaigh na fir in 1966. Tá na himreoirí tar éis spreagadh a thabhairt d’iarrthóirí an Pháirtí Choimeádaigh ó shin a chinntiú gur féidir le “gach cailín óg” peil a imirt ar scoil.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ar neamhréir le - inconsistent with

idirbheartaíocht - negotiation

príomhscannán - feature film

iliomad - a great many

scór deiridh - final score

iarrthóirí - candidates

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners