Nuacht Mhall

20 Lúnasa 2022 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí Lunasa. Is mise Liam Ó Brádaigh.


Táthar ag súil go mbaileoidh na sluaite ag Béal na Blá in Iarthar Chorcaí an deireadh seachtaine seo le haghaidh lá cuimhneacháin ag comóradh céad bliain ó bhásaigh an ceannaire míleata agus polaitiúil, Mícheál Ó Coileáin. Ba dhuine lárnach é Ó Coileáin i gCogadh na Saoirse in Éirinn a thug tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Mharaigh ionsaitheoir anaithnid é i luíochán i mBéal na Blá i rith an Chogaidh Chathartha. Beidh an Taoiseach, Mícheál Martin, agus an Tánaiste, Leo Varadkar, i láthair ag an searmanas, a chraolfar beo ar RTÉ Dé Domhnaigh.

Briseadh an churiarracht náisiúnta don Éireannach is tapúla riamh sa rás céad méadar. Is é Israel Olatunde, fear as Dún Dealgan atá 20 bliain d’aois, an fear is sciopthaí in Éirinn tar éis 10.17 soicind a ghlacadh sa rás a rith sé ag Craobhchomórtas na hEorpa i München na Gearmáine Dé Céadaoin. Chríochnaigh Olatunde sa séú háit sa rás. Rinne Paul Hession, iar-shealbhóir na curiarrachta comhghairdeas le Olatunde, ag rá go bhfuil sé thar a bheith am a churiarracht féin a shárú. Agus níos déanaí, bhris reathaí eile, Rhasidat Adeleke, déagóir as Baile Átha Cliath, an churiarracht do rás ceithre chéad méadar na mban. 

Shéan Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hIaráine go raibh baint ar bith acu leis an ionsaí a rinneadh ar an údar Salman Rushdie an tseachtain seo caite. Tuairiscítear go bhfuil Rushdie ina dhúiseacht agus in ann é féin a chur in iúl tar éis ionsaí le scian agus é i mbun caint a thabhairt i Nua Eabhrac. Tharla an t-ionsaí 33 bliain tar éis do Ayatollah Khomeini, ardcheannaire na hIaráine ag an am, fatwa nó ráiteas reiligiúnach a eisiúnt, ag iarraidh ar Mhoslamaigh Rushdie a mhárú mar gheall ar a úrscéal The Satanic Verses – leabhar a chreid Khomeini a bheith diamhaslach. Phléadáil Hadi Matar, an fear a gabhadh as an ionsaí, neamhchiontach in iarracht dúnmharaithe agus cúisimh ionsaithe dara céime Déardaoin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ionsaitheoir anaithnid - unknown assailant

luíochán - ambush

curiarracht náisiúnta - national record

reathaí - runner

diamhaslach - blasphemous

neamhchiontach - innocent


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners