Nuacht Mhall

27 Lúnasa 2022 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nua Eabhrac san áireamh. Tháinig an comóradh sé mhí i ndiaidh d'Arm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an tír, agus meastar go bhfuil an cogadh ina sháinn faoi láthair. Tá sciar mhaith de dheisceart agus oirthear na hÚcráine faoi smacht na Rúiseach ach níl ceachtar den dá rialtas sásta tabhairt faoi chainteanna síochána ag an phointe seo. I Riga na Laitvia Déardaoin leagadh oibilisc chuimhneacháin ó ré an Aontais Shóivéadaigh a tógadh in ómós don Arm Dearg sna hochtóidí.

D'éirigh an Teachta Dála Robert Troy as a phost mar Aire Stáit le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Tradála an tseachtain seo nuair a bhris an scéal sna meáin nár nocht sé sonraí a chuid réadmhaoine go léir i gClár Leasanna na gComhaltaí i gcomhréir le hoibleagáidí caighdeánacha atá ar Theachtaí Dála. Tá aon aonad déag ag Troy i mBaile Átha Cliath agus i lár na tíre. Tharla an chonspóid i gcomhthéacs géarchéime tithíochta in Éirinn, ina bhfuil formhór den phobal ag streachailt le cíos ard agus tithe nach bhfuiltear in achmainn a cheannach. Meastar gur tiarna talún é nó í duine as gach ceathrar atá sa Dáil.

Fuair breathnóirí teilifíse na chéad bhlaiseadh den tsraith nua atá suite i ndomhan ficseanúil Westeros Dé Domhnaigh. Tháinig deireadh le Cluiche na Corónach, nó Games of Thrones as Béarla, a bhí ar cheann de na sraitheanna fantaisíochta ba rathúla riamh, in 2019, ach cáineadh séasúr deireanach an tseó go forleathan. Tá Teach an Dragain, nó House of the Dragon, ina réamhscéal ar an tsraith aitheanta, suite dhá chéad bliain roimh eachtraí Jon Snow agus Daenerys Targaryen. Tá réamhscéal fantaisíochta mór le rá eile le teacht an fómhar seo, agus sraith nua bunaithe ar fhicsean JRR Tolkien ar fáil ó thús mhí Mheán Fómhair. Beidh Fáinní na Cumhachta, nó The Rings of Power, suite na mílte bliain roimh eachtraí Tiarna na bhFáinní, The Lord of the Rings.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

an Aontas Sóivéadach - the Soviet Union

sáinn - stalemate

Cur Chun Cinn na Tradála - Trade Development

Clár Leasanna na gComhaltaí - Members' Register of Interests

réamhscéal - prequel

eachtraí - adventures

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners