Nuacht Mhall

19 Márta 2022 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chuir 20,000 daoine Éireannacha fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón chogadh isteach ina dtithe. I measc daoine eile atá ag teacht isteach sa tír tá daoine atá ag teitheadh as tíortha eile atá i mbun cogaidh, amhail An tSiria, An Nigéir, An tSomáil, agus An Phacastáin.

Bronnadh seacht ngradam IFTA ar an fhadscannán Gaeilge "An Cailín Ciúin" i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tá gradam IFTA, nó "Gradam Scannáin agus Teilifíse na hÉireann", ar cheann de na duaiseanna is tabhachtaí ó thaobh scannáin Éireannacha de. I measc na ngradam a bhuaigh "An Cailín Ciúin" bhí gradam don scannán is fearr, bua a raibh an scannán "Belfast" ar an ghearrliosta dó fosta. Dúirt Cleona Ní Chrualaoí, láithreoir An Cailín Ciúin, go raibh sí iontach brodúil as an fhoireann a d'oibrigh ar an scannán léi, agus go léiríonn sé nuair a dhéantear infheistíocht i scannán gur féidir leis a bheith rathúil.

I ndiaidh beagnach dhá bhliain de shrianta Covid, éireoidh an Ríocht Aontaithe ar fad as na srianta dlí deireaneacha atá fágtha roimh dheireadh na míosa. In Albain, cuirfeadh deireadh leis na srianta ar chomhlachtaí ar an 21 Márta, agus druidfear suíomhanna tástálacha, agus sa Bhreatain Beag, déanfar an rud céanna seachtain ina dhiaidh. Ní bheidh ar dhaoine fanacht abhaile go dleathach agus an víreas acu, ach moltar do dhaoine fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil siad ag mothú níos fearr.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ag teitheadh - fleeing

i mbun cogaidh - at war

infheistíocht - investment

rathúil - successful

srianta dlí - legal restrictions

suíomhanna tástálacha - testing centres


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners