Nuacht Mhall

26 Márta 2022 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.

Thuairteáil eitleán a bhí ag iompar céad tríocha a dó duine i ndeisceart na Síne Dé Luain. Ní bhfuarthas aon mharthanóirí go dtí seo, de réir údaráis na Síne. Ar an gCéadaoin fuair siad an bosca dubh, is féidir é a úsáid chun tuiscint a fháil ar chúis na timpiste. Boeing 737 ab ea an t-eitleán agus bhí sé á chur ar fáil ag an aerlíne China Eastern Airlines ag an am. Tharraing an timpiste aird freisin tar éis do dhá cheann de mhúnla 737 eile Boeing, an 737 Max, tuairteáil sa bhliain fiche a hocht déag is fiche a naoi déag. Múnla difriúil é an t-éitleán seo, ceann de na heitleáin phaisinéirí is coitianta ar domhan.

Bhí rásaí Cheltenham ar siúl an tseachtain seo caite, agus ba í an jacaí Rachael Blackmore an chéad bhean a bhuaigh an Corn Óir. Ba í Rachel an chéad bhean freisin a bhuaigh an Champion Hurdle agus an Grand National an séasúr seo caite. Bhí sí ag marcaíocht ar chapall darbh ainm A Plus Tard, an capall céanna ar a raibh sí le linn an rása anuraidh, cé gur bhuail Jack Kennedy í sa deireadh san iomaíocht don chéad áit. An deireadh seachtaine seo caite freisin cuireadh deireadh le comórtas na Sé Náisiún, chaill Éire i gcoinne na Fraince in ainneoin líon is mó na n-úd a bhí acu riamh, fiche ceathair.

D’fhoilsigh lucht acadúil ó Pheiriú agus ó Chicago páipéar an tseachtain seo ina n-áitítear go bhfuil mí-ainm tugtha ar Machu Picchu, ceann de na suíomhanna seandálaíochta is cáiliúla ar domhan. Bunaithe ar a n-athbhreithniú ar léarscáileanna iomadúla, doiciméid ón seachtú haois déag agus nótaí allamuigh ón taiscéalaí Hiram Bingham, éilíonn siad nach bhfuil an t-ainm Macchu Picchu le feiceáil in aon ábhair ábhartha. Ina ionad sin thug na háitritheoirí Inca Huayna Picchu ar an suíomh, is é sin an t-ainm atá ar an sliabh os cionn an tsuímh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

múnla - make, model

marcaíocht - riding

úd - try (rugby)

mí-ainm - wrong name

suíomhanna seandálaíochta - archaeological sites

taiscéalaí - explorer

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners