Nuacht Mhall

9 Aibreán 2022 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amhail an triúr breithiúna a rinne Donald Trump le linn a thréimhse mar uachtarán, is téarma saoil atá i gceist agus féadfaidh an Bhreitheamh Jackson a bheith ina breitheamh sa Chúirt Uachtarach ar feadh blianta fada mar gheall ar cé chomh óg is atá sí.

Foilsíodh litir phoiblí atá sínithe ag breis agus 1000 duine, ag éileamh cearta teanga i dTuaisceart Éireann tar éis moill eile ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta trí Pharlaimint Westminster, mar a gealladh i mí an Mheithimh 2021. Foilsíodh an litir go hoifigiúil san Irish News Dé Máirt. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis An Dream Dearg:  "Anois ní mór do Rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair. Is comhshínitheoirí iad ar na comhaontuithe uilig go dáta, agus i gcomhar le Rialtas na hÉireann, is iad a scríobh an reachtaíocht don Ghaeilge a foilsíodh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Aithnítear an reachtaíocht sin mar bhunchloch lárnach de chuid an chomhaontaithe sin. Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach do Rialtas na Breataine agus dár gcuid institiúidí polaitiúla agus muid ag tarraingt ar thoghchán Tionóil an mhí seo chugainn. Tá sé thar am reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm láithreach gan a thuilleadh moille,” a dúirt sé.

I mbliana, tá an Ghaeltacht ag teacht go Londain! Ón 29 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine, beidh an Ghaeltacht Chois Tamaise (nó ‘Gaeltacht by the Banks of the Thames’) ar siúl in Camden, deireadh seachtaine tumthach de mheascán imeachtaí, ranganna, PopUp Gaeltacht, agus siúlóid Ghaelach san áireamh. Beidh trí léibhéal de ranganna ar fáil agus tá ticéid le ceannach anois ar EventBrite. Tráthnóna Dé Sathairn an deireadh seachtaine sin, beidh Comhdháil na Breataine ar siúl chomh maith, imeacht hibride a chuireann fáilte roimh dhaoine ar líne agus san fhíorshaol. Is é an dara Comhdháil na Breataine. Is éard atá san imeacht seo ná cruinniú le Gaeil timpeall na Breataine, chun eolas agus léargas a fháil ar conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ar oileán na Breataine Móire. Tá níos mó eolais le feiceáil ar an leathanach Facebook, @cnag.ldn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Cúirt Uachtarach - Supreme Court

dearcthaí polaitiúla - political views

comhshínitheoirí - co-signatories

scrúdú litmis - litmus test

deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend

imeacht hibride - hybrid event

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners