Tá na Colts FÓS ar bharr an AFC théis bua eile dóibh. Bhfuil Jonathan Taylor anois sa chomhrá faoi MVP? Fear eile atá sa comhrá sin ná Jordan Love, théis bua mór aige agus na Packers thar sean-QB s'acu, Aaron Rodgers. Tá na Bills ag tabhairt aghaidh ar na Chiefs an tseachtain seo, agus an dá cosaint is fearr san NFL, na Texans agus na Broncos.
Scrathóg: Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn i gcomhair plé ar mhórimeachtaí na seachtaine chomh maith le scagadh ar na cluichí réitigh, rás don MVP agus tuilleadh.