
Sign up to save your podcasts
Or


Pléann Ciarán Mac an Bhaird an cheist faoin moladh atá ann tús a chur le córas onóir in Éirinn agus faighimid léargas ar scéalta móra na seachtaine uaidh; insíonn Ursula Ní Shabhaois dúinn faoin méid atá ag titim amach leis an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain; tá moltaí iontacha ag Conall Mac Dhonnagáin maidir leis na sraitheanna is fearr ar Netflix don Nollaig; agus labhraíonn Darragh Ó Conchúir le Cuán faoi fhlaithiúlacht JP McManus agus na scéalta móra eile.
An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Emmet Ryan leis faoi na scéalta mór nuachta, déanann Kate De Molder cur síos ar agallamh a rinne sí le Mary Robinson faoin ngéarchéim aeráide, faighimid amach faoin bhfeachtas do Ghaelcholáiste nua i lár na cathrach, chomh maith le siamsaíocht na Nollag uaithi; agus tá scéalta spóirt a phlé le Daragh Ó Conchúir, GAAGo agus dornálaíocht ina measc.
An tseachtain seo le Cuán Ó Flátharta tá Hugh Carr le scéalta nuachta, Katie Ní Riain le moltaí siopadóireachta don Nollaig, Doireann Breathnach le miasanna agus bia na Nollag, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannáin do chuile dheireadh seachtaine as seo go dtín Nollag agus Daragh Ó Conchúir ag caint ar gheansaithe peile agus spóirt na seachtaine.
Meascán mearaí ar chlár na seachtaine seo: na mórscéalta nuachta ó RTÉ go drochaimsir á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, comhfhreagraí nua Ursula Ní Shabhaois ag míniú.. cé hí Suella Braverman? Plé ar 'greenwashing' nó snas glas agus éadaí athláimhe le bunaitheoir Thriftify Rónán Ó Dálaigh, Amhrán na Bliana ag na Grammys le Emma Ní Chearúil agus na geansaithe is fearr le Daragh Ó Conchúir sa gcúinne spóirt!
An bhfuil do phasfhocail slán? Tá Tom Douglas anseo le rá linn... gur dócha nach bhfuil! Eoin Ó Catháin ag caint ar na Gradaim Chumarsáide, an comhthionól le gairid maidir le drugaí in Éirinn agus neart eile. Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix agus teilifíse, agus Daragh Ó Conchúir leis an rugair agus spóirt eile - ar fad sa stiúideo le Cuán Ó Flátharta!
An tseachtain seo tá Frank Reidy ar ais leis an scéal is déanaí maidir le Gaza agus Iosrael, tá Daragh ag míniú a tharla d'Éire sa rugair, Rút Ní Theimhneáin le dea-scéalta na seachtaine, Louisa Ní Éideáin ag caint ar Mhí Feasachta i leith ADHD, Britney Spears, agus Beckham ar Netflix, agus labhraíonn muid le Liam Carson, Stiúirthóir IMRAM faoina shaol, a shaothair, agus an fhéile litríochta
Ar Splanc na seachtaine seo labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán Ó Flátharta faoin mbuiséad agus faoin mbréagnuacht ar líne, míníonn Frank Reidy atá ag tarlú idir Iosrael agus An Phailistín, ceacht cánach le Colm Ó Fatharta a mhúineann dúinn conas ár nduilíní pá thuiscint, roghnaíonn Aindriú de Paor na scannáin chompoird is fearr leis ó Sister Act go School of Rock, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis an scéal spóirt is déanaí ón bhFrainc
Tá Cuán ar ais sa gcathaoir agus sa stiúideo leis tá Emmet Ryan ón Business Post leis na scéalta atá i mbéal an phobail, Deirdre Ní Chearúil dár líonadh le spiorad an fhómhair, leabhar Fintan O'Toole á phlé ag Rónán Mistéil, agus scéalta spóirt na seachtaine le Cárthach Bán Breathnach
Le Cuán an tseachtain seo tá láithreoir na sraithe nua Grá ar an Trá Síomha Ní Ruairc, Katie Whelan le scéalta na seachtaine, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannán ar chóir don teaghlach breathnú orthu le chéile, agus Daragh Ó Conchúir ag ainmniú aintiúin nua spóirt ar chóir chasadh ag na cluichí! Sin agus tuilleadh ar an bpodchraoladh. Lean muid agus cuir leis an gcomhrá @splancnewstalk ar Twitter agus Instagram
Déanann Eoin Ó Catháin cur síos ar scéalta nuachta na seachtaine; insíonn Kate De Molder dúinn faoina taithí ag glacadh frithdhúlagrán; faighimid léargas ó Phól Ó Murchú ar 'End Child Poverty Week' agus an obair atá ar siúl aige le dul i ngleic le bochtaineacht do pháistí; agus Daragh Ó Conchúir le buaicphointí móra spóirt na seachtaine.
From the publisher's feed
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our…
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk

5 Listeners

6 Listeners

2 Listeners

54 Listeners

178 Listeners

2,556 Listeners

141 Listeners

57 Listeners

8 Listeners

2 Listeners

4 Listeners

2 Listeners

3 Listeners

0 Listeners

5 Listeners

1 Listeners

2 Listeners

0 Listeners

352 Listeners

3 Listeners

284 Listeners

1 Listeners

0 Listeners

50 Listeners

35 Listeners

3,009 Listeners

67 Listeners

4 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

9 Listeners

51 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

1 Listeners