San eagrán seo labhraíonn Ciara le hAoife Ní Ghloinn - Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, in Ollscoil Mhá Nuad. Pléann siad: Tábhacht na 'ins, outs, ups and downs' Conas 'Nollaig Shona' agus nathanna mar é a fhreagairt Saibhreas an struchtúir 'is X liom' (is ait liom > sílim go bhfuil sé ait)… agus neart eile! Tá spéis faoi leith Ag Aoife sa teangeolaíocht fheidhmeach – go háirithe sa tástáil teanga, sa teangeolaíocht chorpais, agus i dteagasc agus i bhfoghlaim na gramadaí.