Nuacht Mhall

10 Aibreán 2021 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Foilsíodh ‘treochlár’ an Chumainn Lúthchleas Gael Déardaoin a bhaineann le gníomhaíocht na heagraíochta i mbliana faoi shrianta Covid-19. Léiríonn an treochlár plean le haghaidh filleadh na gcomórtas idirchontae, ag tosú ar an ochtú lá de mhí na Bealtaine leis an chéad bhabhta den tSraith Náisiúnta Iomána. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an tseachtain ina dhiaidh ar an gcúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Imreofar cluiche ceannais iomána na hÉireann ar deireadh seachtaine an aonú lá is fiche de mhí Lúnasa agus imreofar an cluiche ceannais peile seachtain ina dhiaidh sin. Ní bheidh Nua-Eabhrac, Londain ná aon fhoireann ón mBreatain páirteach i gcomórtais idirchontae i mbliana. Tosóidh traenáil do na foirne sinsearacha ar an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Níl dáta comórtais nó traenála socraithe do na himreoirí mionúir nó faoi fhiche fós. Baineann eisceachtaí na srianta leis an leibhéal sinsearach amháin. Tosóidh gníomhaíochtaí na gclubanna chomh luath agus a dhíbreofar foireann an chontae ón gcraobh, le comórtas cúige na gclubanna ag tosú i mí na Samhna. Tá clár na gcluichí iomláin foilsithe ar shuíomh an Chumainn Lúthchleas Gael. Níl aon nuacht fós faoi fhilleadh na gcomórtas faoi aois.

Tá agóid agus círéibeacha tar éis tarlú beagnach gach oíche ó dheireadh mhí an Mhárta i dTuaisceart Éireann. Deir na póilíní gurb é an foréigean is measa atá feicthe i dTuaisceart Eireann leis na blianta. Thosaigh na círéibeacha oíche Dé Luain an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta le grúpa Dílseoirí i nDoire. Ó shin chonacthas agóid i réimse bailte eile: Béal Feirste, Carraig Fheargais, An Baile Meánach agus Baile na Mainistreach ina measc. Den chuid is mó bhain na círéibeacha le hógánaigh dhílseacha, daoine chomh óg le dhá bhliain déag d’aois ina measc, ag caitheamh buamaí peitreal, brící agus rudaí eile ar phóilíní agus ar fheithiclí. Ach Dé Céadaoin an seachtú lá de mhí Aibreáin thosaigh troid ag balla síochána i mBéal Feiriste idir grúpaí dílseacha agus náisiúnacha. Lean an chorraíl ar an dá thaobh den bhalla Déardaoin, nuair a d’úsáid na póilíní canóin uisce ar na sluaite den chéad uair i sé mbliana. D’ionsaigh an dá thaobh na póilíní arís agus dúirt an SPTÉ gur gortaíodh naoi n-oifigeach déag, rud a d'ardaigh an líon daoine gortaithe i rith an fhoréigin go seachtó a ceathair. Tá rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine, Tionól Stormont, an Coimisiún Eorpach agus An Teach Bán ag teacht le chéile ag iarraidh deireadh a chur leis an bhforéigean.

D’fhógair Pálás Buckingham bás Phrionsa Philip, Diúc Dhún Éideann na Breataine Dé hAoine. Bhásaigh sé ag naoi mbliana is nócha d’aois i gCaisleán Windsor tar éis filleadh ó mhí caite san ospidéal i mí an Mhárta, áit a bhfuair sé cóireáil le haghaidh ionfabhtaithe agus obráid croí. Bhí an Prionsa pósta le Banríon na Sasana Eilís II ar feadh trí bliana is seachtó agus ghlac sé le dualgas ríoga léi go dtí gur éirigh sé as sa bhliain dhá mhíle is a seacht déag. Tagann bás an phrionsa i rith tréimhse ina bhfuil cáil an teaghlach ríoga ag streachailt idir an chonspóid a bhaineann le Megan agus Harry, scannáil Phrionsa Andrew, agus tionchar uafásach na pandéíme Covid-19 ar phobal na Breataine. Léiríonn oibríocht ‘Forth Bridge’ na pleananna a bhí socraithe do bhás an Diúic, tréimhse dobróin poiblí san áireamh. Faoi shrianta Covid-19 agus in iarracht báiliúchán sluaite a sheachaint ní bheidh sochraid stáit ag Prionsa Philip agus craolfar a shochraid ar an teilifís ach cheana féin tá daoine ag báiliú taobh amuigh de Phálás Buckingham agus Caisleán Windsor le bláthanna agus ómós a fhágáil.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

treochlár - roadmap

círéib - riot

dílseoir - loyalist

oibríocht - operation

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners