Nuacht Mhall

10 Deireadh Fómhair 2020 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

An tseachtain seo caite, agus gan ach mí roimh thoghchán na huachtaránachta, nocht Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuair sé toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas. Ó shin amach, bhí torthaí dearfacha ag níos mó ná fiche duine sa Teach Bán. Tá gach cosúlacht go raibh siad ionfhabhtaithe leis an víreas ag imeacht sa Teach Bán chun an breitheamh Amy Coney Barrett a mholadh mar ainmní na Cúirte Uachtaraí. Chuaigh Trump chuig an Ospidéal Míleata Walter Reed i Washington Dé hAoine ach scaoileadh amach as an ospidéal é Dé Luain. Dúirt sé gur bhraith sé níos fearr ná mar a bhí sé fiche bliain ó shin mar gheall ar na stéaróidigh a bhfuair sé san ospidéal. Ina dhiaidh sin, dúirt sé go bhfuil an fliú níos marfaí ná an coróinvíreas, rud atá bréagach.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Doctúir Tony Holohan go bhfuil cursaí ag dul in olcas maidir le cásanna coróinvíris in Éirinn. Mhol NPHET don Rialtas srianta Leibhéal 5, an leibhéal is airde, a chur i bhfeidhm sa stát ach dhiúltaigh an Rialtas an chomhairle sin. Ina ionad sin, chuir an Rialtas Leibhéal 3 i bhfeidhm. Dá bharr sin, níl cead ag daoine taisteal chuig contaetha eile sa tír agus ní cheadaítear ach seisear ar a mhéad mar cuairteoirí i d’áras cónaithe féin.

Fuair an file Meiriceánach Louise Glück Duais Nobel na Litríochta (ar an) Déardaoin. Dúirt an Fondúireacht Nobel go bhfuil “guth fileata so-aitheanta” aici agus go bhfuil sí in ann a saol féin a dhéanamh uilíoch “le háilleacht dhian”. Is as Nua Eabhrac í Glück. Bhí sí ina file cúirte sna Stát Aontaithe seacht mbliana déag ó shin agus is ollamh in Ollscoil Yale í anois. Is í Glück an séú bean déag chun an Duais Nobel a bhuachan ó bunaíodh í níos mó ná céad bliain ó shin. I nuacht liteartha eile, fuair an file Éireannach Derek Mahon bás an tseachtain seo caite. Rugadh i mBéal Féirste é ach bhí sé ina chónaí i gCionn tSáile, Contae Chorcaí le blianta. Bhí tionchar mór ag a dhán ‘Everything is Going to Be All Right’ nuair a d’aithris sé é i rith na paindéime.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cosúlacht - likelihood

ionfhabhtaithe - infected

breitheamh - judge

ainmní - nominee

níos marfaí - deadlier

uilíoch - universal

tionchar - influence

aithris - recite

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners