Nuacht Mhall

10 Iúil 2021 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tharla sciorradh talún i gcathair Atami sa tSeapáin an Satharn seo caite. Dhearbhaigh na húdaráis go bhfuair ceathrar bás agus go bhfuil na scórtha eile fós ar iarraidh. Tá na saighdiúirí agus na hoibrithe éigeandála ag cuardach tríd an láib agus an smionagar. Scrios an sciorradh talún níos mó ná céad foirgneamh san áit mhór turasóireachta. Tharla an tubaiste tar éis laethanta fada báistí i rith séasúr na fearthainne. Bhí níos mó báistí in Atami le linn dhá lá ná mar a bheadh de ghnáth le linn míosa. Cuireann eolaithe an locht ar an athrú aeráide mar bíonn níos mó uisce in atmaisféar atá níos teo.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnston, go gcuirfear ar ceal na srianta in aghaidh Covid-19 i Sasana ar an naoú lá déag de mhí Iúil. Ní bheidh sé éigeantach masc a chaitheamh laistigh agus ní bheidh ar dhaoine atá vacsaínithe féinleithleisiú a dhéanamh tar éis dóibh a bheith i dteagmháil le daoine a bhfuil an víreas orthu. Chomh maith leis sin, beidh áiteanna ar nós clubanna oíche in ann oscailt mar ba ghnách roimh an bpaindéim. Ina ainneoin sin, tá an líon cásanna ag méadú mar gheall ar an athraitheach Delta den víreas agus níl gach eolaí sásta leis an gcinneadh. De réir an t-eipidéimeolaí, an Doctúir Mike Ryan ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá rialtais ar fud an domhain ag cur deireadh le srianta go róluath ó tharla nach bhfuil dóthain daoine vacsaínithe fós.

Shiúil beirt déagóirí ón gCúlóg i mBaile Átha Cliath go Contae an Chláir chun airgead a bhailiú do scoil do leanaí le riachtanais speisialta. Thosaigh siad ag siúl ar an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh agus shroich siad a gceann scríbe, Aillte an Mhothair, sé lá ina dhiaidh sin. Shiúil siad ar feadh deich n-uaire an chloig gach lá agus d’fhan siad i dtithe ósta ar an mbealach. Bhailigh an beirt níos mó ná seachtó míle euro go dtí seo do scoil Abacas i gCill Bharróg i mBaile Átha Cliath. Tá col ceathracha leis an mbeirt ag freastal ar an scoil. Dúirt Príomhoide na scoile, Laura Kelly, go bhfuil sí an-bhuíoch díobh agus go mbainfidh na daltaí an-tairbhe as an airgead atá bailithe.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sciorradh talún - landslide

láib - mud

smionagar - rubble

féinleithleisiú - self-isolation

eipidéimeolaí - epidemiologist

riachtanais speisialta - special needs

ceann scríbe - destination

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners