Nuacht Mhall

11 Bealtaine 2024 (Ard Mhacha)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de Mí na Bealtaine. Is mise Barra
Mac Giolla Aoláin.
Rinne Iosrael buamáil ar chathair Rafah i nGaza, áit atá dubh
le daoine ag ceann thiar theas na Stráice. In ainneoin agóidí
idirnáisiúnta, sheol Iosrael tancanna isteach in Rafah inné agus ghlac said smacht ar an trasbhealach teorann is mó. Is é seo an príomhbhealach chun cúnamh a fháil isteach i Stráice Gaza. Dúirt an Teach Bán go raibh siad in aghaidh ionradh ar Rafah. Tuairiscítear gur choinnigh na Meiriceánaigh siar lasta mór buamaí a bhí siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite mar gheall air seo. Bhí imní ar na Náisiúin Aontaithe faoi agus dúradh go raibh Iosrael ag "tachtadh" príomh-artairí cúnaimh Gaza. De réir tuairiscí leanann idirbheartaíocht síochána ar aghaidh san Éigipt idir Iosrael agus Hamas ach níl aon dul chun cinn déanta go dtí seo.
Tá Éire tar éis dul ar aghaidh go dtí cluiche ceannais na hEoraifíse den chéad uair ó bhí 2018 ann. D’éirigh le “Bambie Thug” sa bhabhta leathcheannais Dé Máirt, leis an amhrán “Doomsday Blue” in Malmö na Sualainne. Dúirt máthair Bambie Thug Laura le Morning Ireland de chuid RTÉ “nach feidir léi fanacht” go bhfeicfidh sí an t-amhránaí as Corcaigh ag seinm sa chluiche ceannais. Bhí díomá ar lucht leanúna na hEoraifíse mar níor bhain an Astráil áit amach sa chomórtas i mbliana. Bhí ar na heagraithe leithscéal a ghabháil tar éis do dhuine de thaibheoirí Dé Máirt siombail a bhí ar son na Palaistíne a thaispeáint, agus rinneadh agóid mhór nuair a bhí an t-amhránaí as Iosrael ag seinm Déardaoin. Tá go leor daoine ag moladh gur chóir baghcat a dhéanamh ar an chluiche ceannais anocht, mar gheall ar rannpháirtíocht Iosrael, agus an cogadh fós ar siúl in Gaza.
Beidh dhá chluiche ceannais cúige sa pheil ar siúl an deireadh seachtaine beag seo. Ceaptar go mbeadh an bua ag Baile Átha Cliath ar Lú go héasca i gcluiche ceannais Laighean, ach, maidir le cluiche ceannais Uladh i gCluain Eois Dé Domhnaigh, tá tá sé deacair buaiteoir a phiocadh amach idir Ard Mhacha agus Dún na nGall. Tá Jim
McGuinness ar ais mar bhainisteoir Dhún na nGall agus tá
muinín ard ann. Tá sé ag cur orthu a chreidiúint gur féidir
leo rudaí a dhéanamh nárbh fhéidir leo a dhéanamh anuraidh. Ar an taobh eile tá Kieran McGeeney ag lorg a
chéad bhua i gcraobh Uladh as deich n-iarracht. Ba cheart gur comórtas spreagúil a bheadh ann.  Bhuaigh Ciarraí agus Gaillimh na cluichí ceannais eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht an tseachtain seo caite.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

trasbhealach teorann - border crossing

lasta buamaí - a cargo of bombs

tachtadh - suffocating, smothering

lucht leanúna na hEoraifíse - Eurovision followers/fans

taibheoirí - performers

spreagúil - exciting

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners