Nuacht Mhall

11 Iúil 2026 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.

Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé.
Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.







gortuithe tromchúiseacha - serious injuries

fiosrúchán - investigation



...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

39 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

141 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

24 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

83 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

42 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

35 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

7 Listeners