Nuacht Mhall

11 Meitheamh 2022 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Thosaigh an Ardteist agus an Teastas Sóisearach Dé Céadaoin. Den chéad uair le dhá bhliain beidh na scrúduithe traidisiúnta scríofa ar siúl, tar éis cur isteach na paindéime. Thosaigh an Ardteist le Béarla Páipéar a hAon, críochnóidh sé ar an 28 Meitheamh. Le haghaidh daltaí a gcuireann Covid-19 nó méala isteach orthu beidh deis acu scrúduithe iarchurtha a dhéanamh ag tosú ar an 30 Meitheamh. Cuirfidh sé seo isteach ar an gCoimisiún um Scrúduithe Stáit agus ceartú na scrúduithe, agus mar thoradh air sin ní féidir leo dáta na dtorthaí a fhógairt go fóill. D’fhoilsigh oifigí agus airí teachtaireachtaí tacaíochta do dhaltaí na hArdteiste, á moladh dá neart i rith na paindéime agus chun aire a thabhairt dóibh féin i rith na tréimhse strusmhaire.

Vótáil Feisirí de Phairlimint na hEorpa i bhfabhar rún a iarrann ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh cead isteach a thabhairt don Úcráín. Tharla an vóta roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí a tharlóidh ag deireadh na míosa, ina mbeidh roinnt tíortha, Éire san áireamh, ag brú chun stádas iarrthóra a thabhairt don Úcráin. Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin i gcoinne an rúin. Iarrann an rún chomh maith do vótáil tromlach maidir le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus ardú ar chaiteachas cosanta. Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin gur teachtaireacht ‘an-láidir’ a bheidh ann do mhuintir na hÚcráine má thabharfar cead isteach don Aontas Eorpach dóibh.


Tharla vóta mímhuiníne do Phríomh Aire na Ríocht Aontaithe Boris Johnson Dé Luain. Mhair sé an vóta ach fós rinneadh damáiste mór dá cháil agus dá chumhacht. Vótáil na Tóraithe 211 in aghaidh 148 i bhfábhar an Phríomh Aire, sin 41% de na Feisirí ina choinne. Ní comhartha dearfach é sin do thodhchaí ghairm Johnson i gcomparáid le Theresa May a bhuaigh vóta mímhuiníne in 2018 le 37% ina coinne, ach fós bhí uirthí imeacht ón bpost lastaigh de sé mhí. In 1990 chuaigh Margaret Thatcher roimh vótá mímhuiníne agus fiú gur bhuaigh sí, le torthaí níos fearr ná Johnson arís, d’eirigh sí as níos déanaí sa bliain sular tharla vóta eile nach mairfeadh sí. An phríomhchúis do mhíshástacht le Johnson i measc na bhFeisirí agus an phobail ná briseadh na rialacha Covid-19 nuair a tharla cóisirí in 10 Downing Street i rith na dianghlasála.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

an Ardteist - the Leaving Cert

an Teastas Sóisearach - the Junior Cert

Feisirí de Phairlimint na hEorpa - MEPs

caiteachas cosanta - defence expenditure

vóta mímhuiníne - vote of no confidence

Feisirí - MPs

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners