Nuacht Mhall

12 Feabhra 2021 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tar éis imeacht tobann téamh strataisféarach, tá cuid mhaith de thuaisceart an domhain faoi bhrat sneachta. Thit an teocht go lúide fiche trí in Albain, an teocht is ísle ó 1995; agus i Londain, bhí deis ag go leor naíonán an chéad fhear sneachta dá saol a dhéanamh. Agus sa Rúis, tá Moscó ag fáil réidh le síobadh mór sneachta, le baol ann go mbeidh sé ina cheann is láidre a thárla ann riamh.

Tá Donald Trump ar a thriail i seanad Mheiriceá as an t-éirí amach agus an t-ionsaí ar an Capitol a spreagadh. Tá cás láidir déanta ag na hionchúisitheoirí ón bPáirtí Daonlathach. Caithfidh triomlach dhá trian de na seanadóirí glacadh leis an gcás chun Trump a chiontú, agus is dócha nach nglacfaidh. Breathnaíonn sé faoi láthair nach bhfuil acht cuid bheag de na seanadóirí Poblachtánacha i bhfabhar cionntaithe. Creideann an chuid eile go bhfuil an triail míbhunreachtúil, mar tá Trump as oifig, nó tá faitíos orthu roimh Trump agus an chumhacht láidir atá aige thar a pháirtí fós.

Tá an tSiúr André, bean rialta Fhrancach, atá caoch, a bhaineann úsaid as cathaoir rothaí, agus atá céad seachtdéag bliain d’aois agus an dara duine is sine ar domhain, tar éis ruaig a chur ar an COVID a bhí uirthi. Bhí cás aisiomptómach aici fiú, mar níor thug sí faoi deara go raibh aon tinneas uirthi ar chor ar bith. Rinne sí ceilliúradh ar a breithlá Déardaoin, nuair a chuaigh sí ar aifreann, fuair sí cuairt ón easpaig, agus um lón bhí béile breá aici lena cairde, le gloine pórtfhíon, cúpla glonne fíon dearg, agus gloine Champagne.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

téamh strataisféarach - stratospheric heating

lúide - less than

síobadh sneachta - blizzard

ionchúisitheoirí - prosecutors

ciontú/ciontaithe - convict

míbhunreachtúil - unconstitutional 

caoch - blind

aisiomptómach - asymptomatic

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners