Nuacht Mhall

12 Meán Fómhair (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.


I Londain, d’fhoilsigh rialtas na Ríochta Aontaithe bille, atá siad chun cur ós cómhair na parlaiminte

Westminster, a sháródh cuid thábhachtach de phrótacal Thuaisceart na hÉireann sa Chomhaontú

Aisthairraingthe, a shínigh an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach i mbliana; cé gur mhol siad an

Comhaontú mar shár-mhargadh nua, ina bhforógra toghcháin, níos lú ná bliain ó shin. Do labhair

triúr iar-cheannairí an Pháirtí Coiméadaigh agus Aontachtaigh, John Major, Michael Howard, agus

Theresa May, i gcoinne an bhille, mar gheall ar an dochar a dhéanfadh sé d’ainm, agus do chlú agus

cáil na Ríochta Aontaithe ar fud an domhain. Dúirt beirt pholaiteoirí sinsearacha Pháirtí Daonlathach

Stáit Aontaithe Mheiriceá, Nanci Pelosi agus Richard Neal, atá in údarás ar bhuiséad Mheiriceá i

dTeach na nIonadaithe, nach mbeadh seans ar bith ag an Ríocht Aontaithe socrú trádála a bhaint

amach leo, dá gcuirfeadh siad Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol. 

*

Fós i Mheiriceá, tá leabhar nua faoi uachtarán Donald Trump á fhoilsíú ag Bob Woodward, duine as

an mbeirt a bhris an scannal Watergate sna seachtóidí. Léiríonn an leabhar go raibh a fhios ag

Trump, go luath i mí Feabhra, go raibh COVID-19 aeriompartha, marfach, i bhfad níos measa ná an

fliú, agus thar a bheith tógálach; agus i mí an Mhárta, go ndúirt sé gur mhaith leis beag a dhéanamh

de, mar níor mhaith leis anbhá a thosnú. Ní nuacht bhréige é, mar rinne Woodward taifeadadh de

gach agallamh a rinne sé leis an uachtarán, lena chead. Ag an am céanna, bhí Trump ag rá go poiblí le

muintir Mheiriceá, gur ionann an COVID agus an fliú, agus go rachfadh sé gan tásc ná tuairisc ar nós

míorúilte.

*

D’aimsigh na réadlann tonntracha imtharraingthe LIGO agus Virgo an dá pholl dhubha is mó ag

teacht le chéile i gcumasc a bhfacthas riamh. Tharla an cumasc breis agus seacht mbilliún

solasbhliain i bhfad uainn, nuair a raibh an chruinne timpeall ar leath an aois agus atá sí faoi láthair.

Bhí mais thart ar cheithre scór grianta is cúig ag an bpoll dubh mór, agus trí scór grianta is sé ag an

gceann eile. Thiontaigh an cumasc mais de naoí ngrian go díreach i bhfuinneamh, i bhfoirm na

dtonntracha imtharraingthe, i gceann aon deichiú de shoicind, le cumhacht fiche míle billiún billiún

billiún billiún billiún megavattanna, ins an imeacht fisiciúil is cumhachtaí a bhfaca an cine daonna riamh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sáraigh - violate

comhaontú aisthairraingthe - withdrawal agreement

aeriompartha - air-borne

réadlann - observatory

tonntracha - waves (canúint Mhaigh Eo)

cumasc - merging

solasbhliain - light-year

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners