Nuacht Mhall

12 Nollaig 2020 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Chuir an Ríocht Aontaithe tús ar a plean vacsaínithe Covid-19 an tseachtain seo caite. Maidin Dé Máirt fuair an chéad duine an vacsaín, bean darb ainm Margaret Keenan atá nócha bliain d’aois. Rugadh í in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach agus bhog sí go Coventry i Sasana níos mó ná seasca bliain ó shin. Tugadh an vacsaín, atá táirgthe ag Pfizer-BioNTech, do Margaret in oispidéal i gcathair Coventry. Dúirt sí gur mhór an phribhléid di an vacsaín a fháil agus go raibh sí ag súil le ham a chaitheamh lena clann agus a cairde. Tá 25,000 dáileog den vacsaín tagtha go dtí an Tuaisceart agus tugadh an chéad dáileog d’altra i mBéal Feirste maidin Dé Máirt freisin. Ceaptar go bhfoilseoidh Rialtas na hÉireann an plean vacsaínithe an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh na chéad dáileoga ar fáil san athbhliain.

Tá na cainteanna maidir leis an mBreatimeacht ag druidim chun críche anois agus gan aon chomhaontú socraithe go fóill. Bhí cruinniú sa Bhruiséil tráthnóna Dé Céadaoin idir ceannasaí an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ach ní raibh siad in ann an t-easaontas atá fós eatarthu a réiteach. Tá difríochtaí ann go fóill maidir le cearta iascaireachta, cursaí caighdeáin agus rialachas an chomhaontaithe trádála. Dúirt von der Leyen go bhfuil féidearthacht láidir ann nach mbeidh comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain san athbhliain. Beidh Dé Domhnaigh seo chugainn an spriocdháta d’aon chomhaontú.

Ba bhliain an-chrua í 2020 do chách ach bhí sí an-deacair ar fad d’ealaíontóirí mar gheall ar na srianta poiblí. Mar sin féin, chruthaigh TG4 Samhlú 2020 chun gaiscí agus cruthaitheacht ealaíonta na hÉireann a cheiliúradh. Is clár teilifíse é Samhlú 2020 atá suite sna ceantair timpeall ar Chloch na Rón i gConamara, Contae na Gaillimhe. Tá Tommy Tiernan sa phríomhról agus de réir TG4 “tabharfaidh sé an lucht féachana ar aistear gliondrach agus draíochtúil de cheol, damhsa agus amharclannaíocht”. Craolfar Samhlú 2020 ar TG4 oíche Dé Máirt seo chugainn ag leathuair tar éis a naoi agus beidh daoine ar fud an domhain in ann é shruthlú ar Sheinnteoir TG4.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

pribhléid - privilege

táirgthe - produced

ag druidim chun críche - coming to a close

easaontas - disagreement

comhaontú - agreement, union

gaiscí - achievements, deeds

cruthaitheacht - creativity

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners