Nuacht Mhall

13 Iúil 2024 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. 

Tá bean a cúisíodh as cionta coiriúla in Dubai tar éis a líomhna gur íospartach foréigin baile í fillte ar ais go hÉirinn. Scrios na húdaráis pas Tori Towey, atá 28 bliain d'aois, tar éis di a bheith cúisithe as alcól a ól agus iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bás féin. Spreag a cás idirghabháil ón Taoiseach Simon Harris níos luaithe an tseachtain seo tar éis é a ardú sa Dáil. Tharraing póilíní san UAE siar na cúisimh i gcoinne Towey Dé Céadaoin agus baineadh an toirmeasc taistil. Dúirt Towey go raibh sí “chomh buíoch as a bheith ar ais” agus labhair sí faoina heagla nach mbeadh sí in ann filleadh ar Éirinn.

Fuair Páirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe ollbhua san olltoghchán an Déardaoin seo caite. Tháinig titim mhór ar an bPáirtí Coimeádach tar éis 14 bliana corraitheacha i gcumhacht, nuair a bhí cúigear Príomh-airí éagsúla i gceannas ar an tír. Chaill na Tories 250 suíochán. I dTuaisceart Éireann tá Sinn Féin tagtha chun cinn mar an páirtí is mó tar éis don DUP trí shuíochán a chailleadh. Tuairiscíodh nár chaith ach 52% de dhaoine fásta na Ríochta Aontaithe a mballóidí ar an 4ú Iúil, an líon is ísle ó leathnaíodh an vóta chuig gach duine fásta os cionn 21 in 1928.

Tá peileadóirí Shasana ag ullmhú le himirt in aghaidh na Spáinne i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa i mBeirlín Dé Domhnaigh. Chinntigh cúl déanach ó ionadaí Shasana Ollie Watkins in aghaidh na hÍsiltíre sa chluiche leathcheannais Déardaoin go mbeadh áit ag foireann Shasana i gcluiche ceannais an chomórtais. Is é seo an dara cluiche ceannais Chraobhchomórtas na hEorpa as a chéile acu, agus an chéad uair ag Sasana cluiche ceannais de chraobhchomórtais a imirt thar lear. Bhain foireann na Spáinne áit amach sa chluiche ceannais le cúl ó Lamine Yamal, an duine is óige riamh a scóráil ag Corn na hEorpa, agus é sé bliana déag d'aois.

*

GLUAIS

cionta coiriúla - criminal offences

toirmeasc taistil - travel ban

ollbhua - landslide victory

ballóidí - ballots

ionadaí - substitute

craobhchomórtas - championship

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners