Nuacht Mhall

13 Márta 2021 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Tá an pictiúrleabhar Gaeilge MÍP ainmnithe ar ghearrliosta ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards 2021’, na mórghradaim náisiúnta litríochta do leabhair do pháistí. Is í Máire Zepf a scríobh MÍP agus is é Paddy Donnelly a mhaisigh an leabhar. Tá MÍP foilsithe ag Futa Fata. Bhuaigh Máire an gradam anuraidh dá húrscéal d'aosaigh óga Nóinín. Is róbat cliste í MÍP agus í ag dul ar eachtra go Mars. Tá an leabhar MÍP ar cheann d’ocht leabhar a roghnaíodh ón nócha naoi leabhar ar fad a bhí san iomaíocht do ghradam na bliana seo. Beidh buaiteoirí na ngradam fógraithe ar an 25 Bealtaine i rith Fhéile Liteartha Bhaile Átha Cliath. Is as An Dún í Máire ó dhúchais agus tá aon leabhar déag do pháistí agus d’aosaigh óga scríofa aici. 

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil faoi láthair. Is féile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó don teanga agus don chultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus ar fud fad an domhain gach bliain. Sheol Úachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn an fhéile ar líne. Dúirt sé gur “ábhar ceiliúrtha í an Ghaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht”. Bhí moladh amháin aige maidir leis an nGaeilge - “tabhair an dara seans don teanga”. Tá triúr ambasadóirí roghnaithe do Sheachtain na Gaeilge 2021 – an t-amhránaí Imelda May, an láithreoir teilifíse Bláthnaid Treacy agus an t-iománaí Declan Hannon. Ritheann Seachtain na Gaeilge idir an chéad lá de mhí Márta agus Lá Fhéile Padraig.

Dúirt Roscosmos, an ghníomhaireacht spáis Rúiseach, gur shínigh siad comhaontú leis an Údarás Spáis Náisiúnta sa tSín chun saoráid taighde a fhorbairt ar dhromchla na gealaí, nó ar diathair, nó sa dá áit le chéile. Dúirt siad go mbeadh na saoráidí ar fáil do thíortha eile. Déanfaidh Ionad Idirnáisiúnta Eolaíoch na Gealaí taighde eolaíoch ildisciplíneach ar an ngealach. Dúirt an Rúis agus an tSín go ndéanfa idh siad obair le chéile ar an bplean agus ar fhorbraíocht an ionaid. Ba é an spásaire Rúiseach Yuri Gargarin an chéad duine sa spás ariamh in 1961, seasca bliain ó shin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gradam - award

aosaigh óga - young adults

ábhar ceiliúrtha - something to celebrate

oidhreacht - heritage

saoráid taighde - research facility

ar diathair - in orbit

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners