Nuacht Mhall

13 Samhain 2021 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tá an t-iarpholaiteoir agus iarghníomhaí cearta sibhialta sa Tuaisceart Austin Currie ar shlí na fírinne agus é ochtó a dó bliain d'aois. Rugadh Currie i dTír Eoghain agus chuir sé tús lena shaol gníomhaíoch i 1968 nuair a throid sé in aghaidh an tseicteachais sa mhargadh tithíochta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an SDLP in éindí le cúpla polaiteoir eile, John Hume ina measc. Bhí sé ina chónaí i gCill Dara sna hochtóidí agus bhí sé ina bhall d'Fhine Gael. Toghadh é ina Theachta Dála sna nóchaidí ach chaill sé a shuíochán in 2002 agus chuir sé deireadh leis a ghairm pholaitiúil. Dúirt Uachtarán na hÉireann Mícheál Ó hUigínn gur polaiteoir macánta agus díograiseach ab ea é agus go ndearna sé a lán oibre ar son mhuintir na hÉireann.

Tá dóchas ag Rialtas na hÉireann go mbeidh Bille leasaithe na dTeangacha Oifigiúla réidh le síniú ag an Uachtarán roimh dheireadh na bliana. Is é príomhsprioc an Bhille ná go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina chainteoirí Gaeilge faoin mbliain 2030. Chomh maith leis sin, bheadh ar gach oifig agus seirbhís stáit sa Ghaeltacht a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge. Bheadh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus bheadh orthu a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine. B’éigean 17,000 Teastas Digiteach Covid 19 a eisiúint an athuair i mbliana mar bhí an síneadh fada in easnamh in ainmneacha daoine.

Tá na hidirbheartaithe fós ag margáil mar gheall ar an dréacht deireanach sa chruinniú mullaigh COP26 i nGlaschú. Bhí tráthnóna Dé hAoine mar spriocdháta chun margadh a dhéanamh idir na tíortha atá páirteach ach is cósúil go leanfaidh na cainteanna ar aghaidh go dtí an deireadh seachtaine. Foilsíodh dréacht-mholadh maidin Dé hAoine a d’iarr ar na tíortha éagsúla deireadh a chur le breoslaí iontaise, go háirithe le gual. Tá an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag cur brú ar thíortha eile teocht na cruinne a choimeád ag 1.5 céim os cionn an leibhéil réamhthionsclaíoch, ach is léir go bhfuil drogall ar thíortha áirithe é sin a shíniú. Bhí iontas ann Dé Céadaoin nuair a rinne na Stáit Aontaithe agus an tSín dearbhú inar aontaigh siad go n-oibreoidís le chéile chun astaíochtaí carbóin a laghdú.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ar shlí na fírinne - dead

seicteachas - sectarianism

leasaithe - amended

earcaigh nua - new recruits

breoslaí iontaise - fossil fuels

réamhthionsclaíoch - preindustrial

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners