Nuacht Mhall

14 Bealtaine 2022 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tá Sinn Féin ina pháirtí is mó i gComhthionól Chnoc an Anfa, agus seacht suíochán is fiche buaite sa toghchán acu, an chéad uair riamh a bhain páirtí náisiúnach an toradh sin amach. Bhí toradh maith ag Páirtí an Chomhaontais freisin, atá lárnach maidir le cúrsaí bunreachtúla de, le seacht gcinn déag. Bhí droch-thoradh ag an bPáirtí Aontachtach Daonlathach, a chaill suíocháin, le 25 acu anois. Cé go raibh siad go láidir ar son na Breatimeachta, vótáil siad i gcoinne gach bille imeachta a bhí ós comhar na Parlaiminte i Westminster; agus Dé hAoine, dhiúltaigh siad leas-Príomh Aire nó fiú Ceann Comhairle a ainmniú, ag rá go bhfuil rogha anois ag rialtas na Ríochta Aontaithe idir an Comhthionól agus Prótacal Thuaiscirt Éireann. Mar sin, ní féidir leis an gComhthionól tada a dhéanamh; acht sa díospóireacht Dé hAoine, thug Aisling Reilly óráid sa Chomhthionól as Gaeilge go hiomlán den chéad uair. Agus i Londain, dúirt an tArd-Aighne go mbeadh sé dlíthiúl don rialtas ansin an Prótacal a shéanadh, mar gheal ar an mbaol foréigin agus corraíl shíbhialta atá ag baint leis anois.

San Úcráin, tá an cogadh ar siúl go fóill. Tar éis teip orthu an phríomhchathair Cív a ghabháil, tá airm na Rúise ag díriú a n-ionsaí ar oirthear agus ar dheisceart na tíre. Dúirt údaráis na hÚcráine gur scrios siad cathlán innealta na Rúise beagnach go hiomlán, agus iad ag iarraidh dul trasna na habhann Siversky Donets ar dhroichead pontúin. Tá cabhlach na Rúise ag déanamh imshuí ar chósta na hÚcráine ar an Muir Dhubh, agus mar gheall air sin ní féidir an Úcráin a cuid gráin a easpórtáil. Toisc mar is ceann de na táirgeoirí gráin is mó ar domhain í an Ucráin, méadaíonn an imshuí an baol gorta ar fud an domhain go mór.

Dhreap Kami Rita Sherpa Chomolungma an tsléibh is airde ar domhain, ar a dtugtar Everest san Iarthar, den séú huair is fiche an tseachtain seo, gaisce domhanda nua. Tá an tUasal Kami Rita, atá dhá bhliain is caoga d’aois, ag dreapadh leis na blianta, ag cúnamh le turasóirí an mullach a bhaint amach agus ag fáil réidh an bealach go dtí an barr ag tús gach séasúr dreapadóireachta.

*

GLUAIS

Comhthionól Chnoc an Anfa - Stormont Assembly

corraíl shíbhialta - civil unrest

cathlán innealta - motorised battalion

droichead pontúin - pontoon bridge

imshuí - siege

séasúr dreapadóireachta - climbing season

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners