Nuacht Mhall

14 Feabhra 2026 (Ard Mhacha)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile a bhí ceangailte leis an eachtra. Gortaíodh 27 duine eile, agus bhí beirt acu gortaithe go dona. D'eisigh na póilíní fógra faoi lámhachóir gníomhach. Dúirt siad gur aimsíodh an duine a bhí faoi amhras marbh sa scoil. Tá na póilíní fós ag cuardach tithe eile sa cheantar. Is baile beag iargúlta é Tumbler Ridge agus thart ar 2,400 duine ina gcónaí ann. Tá timpeall 160 dalta sa mheánscoil. Dúnadh an scoil don chuid eile den tseachtain. Dúirt oifigigh gur tháinig na póilíní laistigh de dhá nóiméad i ndiaidh an ghlao. Léirigh ceannairí Cheanada brón agus comhbhrón leis na teaghlaigh. Dúirt siad gur tubaiste uafásach é seo. Tá an lámhach seo ar cheann de na hionsaithe is measa i stair Cheanada.

Bhuaigh an lúthchleasaí Ioruach Sturla Holm Laegreid bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha Geimhridh, ach tarraingíodh aird mhór air nuair a d'admhaigh sé go poiblí nach raibh sé dílis dá chailín. Dúirt an fear, atá 28 bliain d'aois, gur bhuail sé le "grá a shaoil" sé mhí ó shin, ach gur rinne sé botún mór trí mhí ó shin. D'inis sé di faoin fheall seachtain roimh an rás, agus dúirt sé gurbh í an tseachtain ba mheasa dá shaol í. Dúirt sé gur shocraigh sé an fhírinne a insint go poiblí mar ní raibh sé ag iarraidh rún a choinneáil, agus tá súil aige go dtabharfaidh sí seans eile dó. Níos déanaí, dúirt sé go raibh sé buartha gur chuir a admháil isteach ar lá mór a chomrádaí foirne a bhuaigh an bonn óir. Dúirt sé go bhfuil aiféala mór air agus go nglacann sé freagracht as a bhotún.

Tá Parlaimint an Aontais Eorpaigh tar éis iasacht €90 billiún a cheadú don Úcráin, ceithre bliana i ndiaidh thús ionradh na Rúise. Clúdóidh an iasacht cuid mhór de riachtanais airgeadais na hÚcráine do 2026 agus 2027. Úsáidfear thart ar €60 billiún chun airm a cheannach, agus an chuid eile chun tacú leis an bhuiséad ginearálta. Ní bheidh ar an Úcráin an t-airgead a aisíoc go dtí go n-íocfaidh an Rúis as an damáiste ón chogadh. Íocfaidh an tAontas Eorpach na costais úis. Faoin chomhaontú, is féidir leis an Úcráin roinnt arm a cheannach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, mar shampla ó na Stáit Aontaithe, mura féidir leis an Aontas Eorpach iad a sholáthar go gasta. D'fhéadfadh tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe tairbhe a bhaint as seo freisin, ag brath ar chomhaontú faoi chostais na hiasachta. D'fhéadfadh an chéad íocaíocht teacht i mí Aibreáin. Idir an dá linn, mharaigh ionsaí le drón ón Rúis athair agus triúr páistí óga i réigiún Kharkiv. Dúirt an Úcráin gur lámhachadh síos formhór de na 129 drón a seoladh thar oíche. Deir an dá thaobh nach ndíríonn siad ar shibhialtaigh sa chogadh, a thosaigh le hionradh na Rúise in 2022.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

eachtra lámhaigh - shooting incident

an duine a bhí faoi amhras - the suspect

Ioruach - Norwegian

feall - betrayal

iasacht - loan

sibhialtaigh - civilians

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

47 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

141 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

23 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,845 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

83 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

43 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

34 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

11 Listeners