Nuacht Mhall

14 Lúnasa 2021 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 14 Lúnasa. Is mise Ella Hassett.

Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann i gcró na dornálaíochta sna cluichí Oilimpeacha. Fuair Harrington an ceann is fearr ar Beatriz Ferreira as an mBrasaíl sa gcomhrac ceannais 60kg i dTóiceó Dé Domhnaigh. Tá Harrington ar an tríú dornálaí as Éirinn a chroch bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha, chomh maith le Katie Taylor i 2012 agus Michael Carruth i 1992. Is as Baile Átha Cliath í Harrington agus oibríonn sí mar ghlantóir go páirt-aimseartha in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Bhuaigh Foireann na hÉireann ceithre bhonn ag na Cluichí. Tá bonn cré-umha ag an dornálaí eile Aidan Walsh, bonn óir ag na rámhaithe Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan agus ceithre bhonn cré-umha ag foireann rámhaíochta na mban.

Beidh an cainéal teilifíse TVG nó Television de Galicia sa Spáinn ag craoladh cluiche leathcheannais na hÉireann, toisc go bhfuil suim an phobail sna cluichí Gaelacha ag méadú sa cheantar. Déanfaidh RTÉ na craoltaí a chur le chéile in Éirinn mar is gnách, ach le tráchtaireacht Ghailísise, an chéad uair a chraolfar na cluichí i dteanga eile seachas Béarla agus Gaeilge. Tá deich gclub peile Gaelaí sa Ghailís faoi láthair agus iad ag dul ó neart go neart. Beidh Maigh Eo ag dul i ngleic le Baile Átha Cliath sa chéad chluiche leathcheannais Dé Sathairn, ach cuireadh an cluiche eile, idir Ciarraí agus Tír Eoghain, siar seachtain de bharr ráig Covid-19 i bhfoireann Thír Eoghain, agus tá seans ann go mbeidh ar sheaimpíní Chraobh Uladh éirí as an gcomórtas go hiomlán.

Fógraíodh go mbeidh sraith ceolchoirmeacha ar siúl i nGaillimh níos deireanaí an mhí seo, an chéad mhór-ócáid siamsaíochta in iarthar na tíre ó chuir paindéim Covid-19 deireadh le hócáidí poiblí. Beidh Christy Moore, Mary Coughlan agus The Stunning ag casadh ag sraith ceolchoirmeacha i Staid an Phiarsaigh, chomh maith le dreasa grinn ó na fuirseoirí Ardal O’Hanlon agus Deirdre O’Kane. Beidh cead ag slua suas le cúig chéad duine freastal ar na hócáidí sa staid go sábháilte agus dhá chéad duine in ionaid eile sa chathair. D’eagraigh an Róisín Dubh agus Féile Ghrinn na Gaillimhe an tsraith agus beidh na hócáidí ar siúl idir Déardaoin, an 26 Lúnasa, agus Dé Domhnaigh, an 29 Lúnasa.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cró na dornálaíochta - the boxing ring

comhrac - fight

tráchtaireacht - commentary

ráig - outbreak

dreasa grinn - comedy turns

fuirseoir - comedian

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners