Nuacht Mhall

14 Samhain 2020 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

Seoladh fondúireacht trasphobail nua in ómós John agus Pat Hume an tseachtain seo. Beidh sé mar aidhm ag an fhondúireacht oidhreacht síochánta na Humes a chur chun cinn, chun an chéad ghlúin eile de síochánaithe a spreagadh. Deir cathaoirleach na fondúireachta, An tOllamh Seán Farren, go bhfuil luachanna Hume de dhíth go mór sa lá atá inniu ann. An chéad imeacht ag an fhondúireacht ná léacht le Martin Luther King a Trí an tseachtain seo chugainn.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Joe Biden i ndiaidh an bua a fháil i dtoghchán na huachtaránachta, agus sé vóta is trí chéad bainte amach aige. Leis sin, níor ghéill Donald Trump go fóill, cé go nglactar le bua Biden go forleathan agus nach raibh rath ar bith ag a agóidí dlíthiúla go dtí seo. Is léir gur bhain Biden vóta an phobail chomh maith, agus breis is cúig milliún vóta níos mó aige.

Tá Peter Sutcliffe, an fear ar a dtugadh an Yorkshire Ripper, i ndiaidh bás a fháil. Gearradh príosún saoil ar Sutcliffe as dúnmharú triúr déag ban i dTuaisceart Shasana idir 1975 agus 1980. Deirtear nár gabhadh Sutcliffe níos luaithe mar gheall ar theipeanna na bpóilíní ó thaobh gnéasachais de mar níor eist siad le fianaise tugtha ag mná a bhí ag obair mar oibrithe gnéis ag an am. Dé hAoine ghabh Ardchonstábla Yorkshire Thiar leithscéal ó chroí le híospartaigh agus a dteaghlaigh atá fós beo.

Agus scéal breise an tseachtain seo. D’fhógair bainisteoir fhoireann peile Thír Eoghain Mickey Harte go bhfuil sé i gceist aige éirí as i ndiaidh ocht mbliana déag sa ról. Faoi cheannas Harte, bhuaigh Tír Eoghain craobh na hÉireann den chéad uair in 2003. Bhí an bua acu arís in 2005 agus 2008, chomh maith le sé chraobh Uladh idir 2003 agus 2017. In ainneoin tragóid phearsanta tá sé ar dhuine de na bainisteoirí is rathúla i spórt na hÉireann. Ó mhuintir Thír Eoghain, go raibh míle maith agat Mickey.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fondúireacht trasphobail - cross-community foundation

géill - concede, submit

forleathan - widespread, broadly

agóidí dlíthiúla - legal challenges

dúnmharú - murder

gnéasachas - sexism

oibrithe gnéis - sex workers

éirí as - stand down, quit

in ainneoin - despite

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners