Nuacht Mhall

15 Bealtaine 2021 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.

Fógraíodh i dtuarascáil chróinéara Dé Máirt go raibh deichniúir íospartach sléachta i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste in 1971 go hiomlán neamhchiontach agus níorbh iad aon bhagairt ar na saighdiúirí a dhúnmharaigh iad. Tháinig an breithiúnas seo i ndiaidh feachtas fada chun ainmneacha na n-íospartach a ghlanadh. Cáineadh príomh-aire na Ríochta Aontaithe Boris Johnson mar níor ghabh sé leithscéal poiblí as an choir. Agus idir an dá linn sa Tuaisceart, ceapadh Edwin Poots mar cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Daonlathach, sa chéad toghchán ceannaireachta a bhí acu riamh.

Chuaigh an ghéarchéim sa Mheánoirthear in olcas inné nuair a bhí ar dhaoine i dtuaisceart Gaza a mbaile a thréigean roimh ionsaithe ón aer, ón fharraige agus ón talamh a rinne Fórsaí Cosanta Iosrael. Tá níos mó ná 120 duine marbh san fhoréigean, 31 páiste ina measc. Thosaigh an ghéarchéim sa cheantar Sheikh Jarrah in Iarúisailéim Thoir, áit a bhfuil grúpaí Giúdacha ag iarraidh Palaistínigh a chur amach. Tá imní ann go dtarlóidh an foréigean is measa ó bhí 2014 ann.

Tá séasúr Chumann Lúthchleas Gael linn arís. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo. Mar gheall ar an phaindéim scarfar na ranna ina dhá leath i mbliana, tuaisceart agus deisceart, amhail Leath Cuinn agus Leath Moga fadó. Imreoidh Dún na nGall in aghaidh Thír Eoghain san Ómaigh, agus Gaillimh in aghaidh Ciarraí i dTrá Lí sna chéad chluichí Dé Sathairn. Cuireadh tús leis an tSraith Náisiúnta Iománaíochta seachtain ó shin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tuarascáil chróinéara - coroner's report

íospartach sléachta - victim of massacre

ionsaithe - attacks

foréigean - violence

roinn/ranna - division/divisions

fadó - long ago

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners