Sign up to save your podcasts
Or

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Ella Hassett.
Tá peileadóir óg ó Chorca Dhuibhne ar a shlí chun na hAstráile inniu, le dul ag imirt peil na hAstráile ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Is as an Liotuáin é Deividas Uosis ó dhúchais, ach d’aistrigh a chlann go hÉirinn nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Tá cáil bainte amach ag Deividas mar bháireoir le Cumann Peile an Daingin, agus is Gaeilgoir é chomh maith. Bhuaigh sé bonn Uile-Éireann le foireann mhionúir Chiarraí in 2017 agus thosaigh sé ag imirt le foireann faoi fiche an chontae anuraidh. Shínigh sé conradh leis an gcumann AFL The Brisbane Lions i mí Feabhra 2020, ach bhí a phleananna taistil curtha ar ceal mar gheall ar Covid-19.
Dé Céadaoin, foilsíodh tuarascáil nua ina léirítear an ráta báis scanrúil a bhí in Árais Máithreacha is Leanaí in Éirinn agus an drochíde, foréigean is neamart a bhí coitianta iontu. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chaibidil dhuairc, dheacair agus náireach í i stair na tíre seo le blianta beaga anuas. Deirtear sa tuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí go raibh thart ar 56,000 bean agus 57,000 naíonán sna hárais idir 1922 agus 1998. Bhí 80% de na máithreacha idir 18 agus 29 bliain d'aois, ach bhí cuid acu chomh hóg le dhá bhliain déag. Bhásaigh thart ar 9,000 leanbh sna hárais - 15% de na leanaí ar fad a bhí iontu. Gheall an Taoiseach go dtabharfaidh an Rialtas aghaidh ar na moltaí sa tuarascáil d’fhonn tús a chur le cneasú na ndaoine.
Déardaoin, tugadh tuairim sa chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis. Thóg Peadar Mac Fhlannchadha, leas-rúnaí Chonradh na Gaeilge, an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe sa tír seo. Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil Billy Kelleher “gur lá dár saol é an lá inniu” agus cheap sé go gcuirfeadh an cás le stádas na teanga san Aontas.
*
GLUAIS
báreoir - player
bonn - medal
drochíde - abuse
foréigean - violence
neamart - neglect
táirgí leighis - medical products
Feisire Eorpach - MEP
By Conradh na Gaeilge i Londain5
1919 ratings

20 Listeners

1,349 Listeners

64 Listeners

143 Listeners

21 Listeners

1,841 Listeners

135 Listeners

90 Listeners

2 Listeners

44 Listeners

17 Listeners

38 Listeners

4 Listeners

0 Listeners

9 Listeners