Nuacht Mhall

17 Aibreán 2021 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 17ú lá de mhí Aibreáin. Is mise Oisín Mac Conamhna.

D’oscail na siopaí neamhriachtanacha i Sasana an tseachtain seo, agus d’oscail siopaí bearbóra agus a leithéid, agus bialanna agus tithe tábhairne d’fhreastal lasmuigh faoin aer chomh maith. Beidh Tuaisceart na hÉireann ag leanúint an tseachtain seo chugainn. Tá líon na gcásanna, daoine san ospidéal, nó ag fáil báis ag titim go socair, agus an feachtas vacsaínithe ar siúl.

Tá moill fhada curtha ar phróiséas saoránachta Éireannaí an Dr. Qiu Fangzhe, de bhunadh na Síne, mar chuir sé a iarratas isteach i nGaeilge. Ní raibh cóip bhog den fhoirm le fáil ar líne. D’iarr agus fuair sé ceann crua sa phost, acht nuair a líon sé isteach agus a sheol sé ar ais í, bhí sé ag fanacht ar feadh sé mhí, go dtí gur iarr an Roinn Dlí agus Cirt air an t-iarratas a aistriú go Béarla agus a athdhéanamh ar líne. Dhiúltaigh an Dr. Qiu leis sin mar tá sé de cheart ag gach duine an t-iarratas a dhéanamh i nGaeilge. Tá sé fós ag fanacht ar fhoirmeacha nua i nGaeilge ón Roinn.

Tá tuama mór dúnta ón gCré-umhaois, nó níos luaithe, aimsithe ar leathinis an Daingin. Tháinig tochaltóir air faoin talamh agus glaodh ar na seandálaithe go díreach. Dúirt siad nach raibh aon chur isteach ar an tuama, agus mar gheall air sin, bhí sé go hannamh agus suimiúil. Dúirt siad go raibh tréithe uathúla ag an tuama, a rinne é ní ba shuimiúla fós. Bhí cloch shnasta agus cnámhacha istigh ann.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

siopaí neamhriachtanacha - non-essential shops

feachtas vacsaínithe - vaccination campaign

moill - delay

saoránacht - citizenship

an Chré-umhaois - the Bronze Age

seandálaithe - archaeologists

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners