Nuacht Mhall

17 Iúil 2021 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 17ú lá déag de mhí Iúil, 2021. Is mise Ella Hassett.

Tar éis ceithre bliana agus beagnach céad is ochtó eagrán, críochnóidh an podchraoladh cáiliúil Motherfoclóir ag deireadh an tsamhraidh seo. Fógraíodh an nuacht ar Twitter oíche Dé Luain an tseachtain seo. Dúirt bunaitheoir an phodchraolta Darach Ó Séaghdha go bhfuil an grúpa fós ina gcairde ach go mbeadh siad ag obair ar thionscnaimh nua as seo amach. Go bunúsach, is é téama an phodchraolta focail, focail Ghaelacha agus focail ón Éirinn, ach pléitear réimse an-leathan ábhar ann le hiomad aíonna éagsúla ón Éirinn agus thar lear. Cé go bhfuil an podcraoladh i mBéarla amháin, tá baint aige le hathbheochan na Gaeilge atá ar siúl le blianta beaga anuas.

Tá Coiste Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge díreach tar éis focal nua a ghlacadh don fhoclóir oifigiúil ar tearma.ie – duine de dhath. Mhol Ola Majekodumni as Baile Átha Cliath an focal nua seo. Is craoltóir, iriseoir, scríobhneoir agus ball de chumann Fhoras na Gaeilge í. Dúirt sí go bhfuil an focal ‘duine de dhath’ níos oiriúnaí sa tsochaí il-eitneach atá in Éirinn faoi láthair ná na focail ‘duine gorm’ nó ‘duine dubh’ a úsáideadh go dtí seo. Dúirt Donncha Ó Cróinín, an príomhthéarmeolaí le Foras na Gaeilge, go bhfuil áthas orthu an focal nua sin a ghlacadh mar léiríonn sé éabhlóid na gcoincheap.

Ar an Domhnach seo caite, chuaigh an billiúnaí Richard Branson agus a fhoireann go himeall spáis i roicéad darbh ainm Unity. D’fhág an roicéad an domhan ó New Mexico agus thaistil sé ochtó cúig ciliméadar suas go himeall spáis. D’fhan an roicéad in áit ar feadh cúpla nóiméad agus thóg Branson físeán ina léirigh sé a mhothúcháin. Bhí a fhoireann le feiceáil sa chúlra ar foluain san aer. In 2004, bhunaigh Branson an comhlacht spáis Virgin Galactic chun eitiltí trádálaí go spás a bhunú. Dúirt Branson gurbh eachtra a shaoil í an eitilt ar an Unity.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

bunaitheoir - founder

athbheochan - revival

sochaí il-eitneach - multi-ethnic society

éabhlóid na gcoincheap - evolution of concepts

comhlacht spáis - space company

eitiltí trádálaí - commercial flights

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

39 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

141 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

24 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

83 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

42 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

35 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

7 Listeners