Nuacht Mhall

18 Márta 2023 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Oíche Dé Domhnaigh in Hollywood, bhí “An Cailín Ciúin” san áireamh do ghradam Oscar, ainmnithe mar cheann de na scannáin eachtracha is fearr i mbliana. Ba é an chéad scannán Gaelach a bhain an onóir sin amach. Insíonn an scannán scéal faoi chailín óg a bhfuil tuismitheoirí seachmallacha aici, a chuirtear ar altramas le gaolta meánaosta. Faraor, níor bhuaigh “An Cailín Ciúin” an duais; bhí an bua ag “Scéal ar Bith ón bhFronta Thiar”, cóiriú ar an úrscéal frithchogaidh Gearmánach le Erich Remarque.

Inné ar Lá Fhéile Pádraig, tháinig na sluaite amach do na mórshiúlta agus imeachtaí i mBaile Átha Cliath, ar fud na tíre, agus ar fud an domhain. Sa Teach Bán in Washington, bhuail an Taoiseach le Joe Biden, agus bhronn sé babhla seamróg air, sa searmanas bliantúil traidisiúnta atá an-tábhachtach i dtaidhleoireacht na hÉireann. Bhí ar an Taoiseach pardún a ghabháil, tar éis a bheith ag déanamh grinn an oíche roimhe faoin mbaol a dúirt sé a bhí ann d'intéarnaigh in Washington le linn uachtaránacht Bill Clinton.

Bhuaigh an Baile Átha Cliathach Rhasidat Adeleke an bonn airgid i gcomórtas 400m na mban sa Chraobhcomórtas Lúthchleas Coláiste Náisiúnta Laistigh, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chríochnaigh sí in am 50.45 soicind, 0.12 soicind níos moille ná an churiarracht Éireannach a bhain sí amach an mhí seo caite. Tá sí fiche bliain d’aois, agus tá sí ag freastal ar scoláireacht ar Ollscoil Texas. Tá roinnt curiarrachtaí náisiúnta ag an rábálaí cheana, lena n-áirítear 200m agus 400m lasmuigh agus laistigh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tuismitheoirí seachmallacha - neglectful parents

altramas - fosterage

mórshiúlta - parades

taidhleoireacht - diplomacy

curiarracht - record (in sport)

rábálaí - sprinter

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners