Nuacht Mhall

19 Feabhra 2022 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Ella Hassett.

Vótáil comhairleoirí Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun lána rothaíochta sealadach a chur ar ceal nuair a léirigh lucht gnó, áitritheoirí agus seirbhísí éigeandála na cathrach a n-imní faoi. I mí Mheán Fómhair 2021, mhol an comhairleoir Colette Connolly lána deighilte débhealaigh ar bhonn sealadach a chur ar thaobh an chósta de phromanáid Bhóthar na Trá i nGaillimh. Tháinig an vóta sin i ndiaidh beagnach ceithre uair a chloig díospóireachta. As na seacht gcomhairleoirí déag, ní raibh ach ceathrar díobh ar son an lána trí chíliméadar seo. Rinneadh comhairliúcháin phoiblí le déanaí, ina raibh seacht míle aighneacht, seasca faoin gcéad díobh sin i gcoinne an dhá bhealach a bhí leagtha amach. Beidh cruinniú speisialta ar siúl i mí an Mhárta chun an lána rothaíochta a phlé arís.

Tá duais buaite ag fadscannán Gaeilge ag Féile Scannán Bheirlín. Bhuaigh an scannán dar teideal An Cailín Ciúin an Grand Prix sa rannóg Glúin/Generation ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín. Is é an chéad scannán Gaeilge a taispeánadh ag an bhféile agus tuairiscítear go bhfuair sé ceithre bhabhta bualadh bos ón lucht féachana sa Ghearmáin. Tugadh ardmholadh don chineamatagrafaíocht, don scór agus don aisteoir óg Catherine Clinch atá sa phríomhpháirt. Níl Catherine ach dhá bhliain déag d'aois agus is é seo a céad pháirt. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ón gcomhlacht Inscéal. Tá an scannán bunaithe ar scéal de chuid Claire Keegan ina insítear scéal Cháit, cailín óg 9 mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe agus mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh í.

Dé réir tuarascáil nua, tá an Fhraincis i mbaol a báis mar gheall ar mhéadú mór ar úsáid an Bhéarla sa Fhrainc. Sa tuarascáil, a scríobh an Académie Francaise nó Acadamh na Fraincise, cáintear an méid téarmaí agus focail Bhéarla atá á n-úsáid i gcáipéisí rialtais, sa litríocht chorparáideach agus i bhfeachtais eolais don phobal. Déantar cur síos ar neart samplaí den Bhéarla á úsáid in áit na Fraincise, mar shampla, tionscnamh comhshaoil i sléibhte Auvergne faoin ainm “zero emission valley” agus an teicneolaícht nua “Easy Drive” a úsáideann comhlacht carranna Renault. Dúirt údair na tuarascála go bhfuil an úsáid sin ag cur as do chomhréir na teanga agus ag deighilt na tíre ar bhonn teangeolaíochta. Bunaíodh an t-Acadamh sa bhliain sé déag triocha a cúig agus daichead intleachtóirí a bhíonn ina mbaill de, ar a dtugtar na ‘buanlaochra’.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

áitritheoirí - residents

comhairliúcháin phoiblí - public consultations

mífheidhmiúil - disfunctional

tuismitheoirí altrama - foster parents

comhréir - syntax

buanlaochra - immortals

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners