Nuacht Mhall

19 Meitheamh 2021 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

D’éirigh Edwin Poots as mar cheannaire an DUP ar an Aoine tar éis trí seachtaine sa phost. Ar an lá céanna vótáil tromlach mór de bhaill an DUP in aghaidh cinneadh Poots leanúint ar aghaidh le hathdhéanamh Feidhmeannas Stormont agus ainmniú Paul Givan mar Chéad-Aire Tuaisceart Éireann. Aontaíodh oíche Déardaoin go dtabharfaidh Rialtas na Breataine an reachtaíocht chultúir agus teanga isteach i Westminster i mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfar i Stormont é roimhe sin. Chuir baill shinsearacha den DUP a míshástacht leis an margadh in iúl do Poots agus bhí fearg orthu gur lean sé leis. Bhí cruinniú ag an bpáirtí i mBéal Feirste oíche Dé hAoine chun an easaontú a phlé agus nuair a d’fhág Poots an cruinniú, d’fhógair sé a eirí as. Fanfaidh Poots sa phost go dtí go dtoghfar a chomharba.

Ón Aoine, beidh gach duine i Sasana os cionn ocht mbliana déag d’aois in ann a gcéad dáileog de vacsaín i gcoinne Covid-19 a fháil. Tharla leathnú aoise don vacsaín tar éis nuacht go bhfuil an chéad dáileog ag ceathrar as cúigear daoine fásta sa Ríocht Aontaithe, sé mhí ó tugadh an chéad vacsaín neamh-trialach. Ní ba luaithe sa tseachtain d’fhógair Boris Johnson go gcuirfear siar oscailt na tíre ón 21ú de mhí an Mheithimh go dtí an 19ú de mhí Iúil. Tá an NHS ag iarraidh an vacsaín a ofráil do gach duine fásta roimh an dáta nua. In Éirinn beidh an vacsaín ar fáil do dhaoine idir 35 agus 39 bliana d’aois ón Domhnach.

Fuair Kenneth Kaunda, uachtarán bunaidh na Saimbia, bás ar an Aoine ag aois nócha a seacht. Tá cáil ag Kaunda mar laoch frith-choilíneach agus gníomhaí VEID/SEIF san Aifric. Bhí cáil ar Kaunda as a chumas leithleach cainte agus as a mhodh síochánta sa troid ar son neamhspleachas na Saimbia ón Ríocht Aontaithe. Nuair a bhuaigh sé neamhspleachas don tír i 1964, rialaigh sé mar uachtarán ar feadh seacht mbliana is fiche. Bhí conspóid ag baint leis níos déanaí sa rialtas nuair a chuir sé toirmeasc ar an bhfreasúra, agus thit sé as cumhacht. Tar éis a ghníomhréime polaitiúla, ghníomhaigh Kaunda in aghaidh VEID/SEIF trasna na hAifrice, i ndiaidh bhás a mhic ón ngalar. Fiú ina sheanaois lean sé ag caint amach in aghaidh éagóra agus cos ar bolg agus in ainneoin na conspóide ag baint leis, le haghaidh sin a chuimhneofar é. Beidh tréimhse bróin trí seachtaine ar a shon sa tSaimbia.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tromlach - majority

feidhmeannas - executive

leathnú - widening

neamh-trialach - non-trial

frith-choilíneach - anti-colonial

cos or bolg - oppression

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners