Nuacht Mhall

20 Feabhra 2021 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.


Beidh rogha ag daltaí na hardteiste i mbliana idir grád measta nó scrúdú traidisiúnta a dhéanamh le haghaidh gach ábhair. Is féidir leis na daltaí grád measta a roghnú, na scrúduithe a dhéanamh le haghaidh gach ábhair nó meascán idir na hábhair a roghnú. Gheobhaidh gach dálta a ngráid i ngrúpa amháin ag an am céanna le foilsiú thorthaí na scrúduithe. Do na daltaí a dhéanann cinneadh na scrúdaithe a dhéanamh, beidh siad ar siúl ag an ngnátham i Mí an Mheithimh, bunaithe ar chomhairle sláinte phoiblí. Beidh na scrúduithe béil ar siúl i rith na Cásca. Cuireadh an Teastas Sóisearach ar ceal san iomlán. Leis sin, d’fhógair an Tánaiste Leo Varadkar Dé hAoine go dtosóidh athoscailt chéimnithe do bhunscoileanna agus scoileanna dara-leibhéal i mí an Mhárta.

Beidh achomharc i gcás chlann Margaret Keane ar siúl Dé Céadaoin an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Bhásaigh Margaret Keane i gCoventry i dhá mhíle is a hocht déag ach níos mó ná dhá bhliain tar éis a báis, tá a clann fós sa chúirt ag troid in aghaidh cinneadh a dhiúltaigh dóibh an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur i nGaeilge amháIn ar a leac chuimhneacháin. Tharla an rialú sa chúirt eaglasta Shasana ina dúirt an breitheamh Stephen Eyre go raibh baol ann, gan aistriúcháin i mBéarla, go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge mar ráiteas polaitiúil de shaghas éigin. Níl fadhb ag an sagart áitiúil i gCoventry nó ag an Eaglais Shasana go ginearáta leis an ráiteas ar an leac chuimhneacháin, ar ndóigh, tá ráiteas i dteangacha éagsúla le feiceáil i reiligí timpeall na Sasana. Beidh baill ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag déanamh idirghabháil ar son an teaghlaigh ag an achomharc agus tá tacaíocht na craoibhe acu.

Bhí tuirlingt rathúil ag an gcarr gealaí Mars nua, darb ainm ‘Perseverance’ oíche Déardaoin. Bhí imní ar na hinnealtóirí ag Nasa faoin tuirlingt toisc gur rud an-deacair é tuirlingt rathúil a dhéanamh ar Mars, le beagnach leath d’iarrachtaí roimhe seo a theip orthú. Thaistil an róbat ceithre chéad is seachtó milliún ciliméadar idir an Domhan agus Mars thar seacht mí. Anois, caithfidh sé dhá bhliain ag cuardú an pláinéid le haghaidh fianaise de bheatha atá caite. Thuirling an carr gealaí Perseverance i gcráitéar darb ainm Jezero, ceaptar gurb suíomh de loch é na billiúin bliain ó shin. Creideann eolaithe, áit a bhí uisce ann, seans go raibh beatha ann freisin. Tógfaidh an carr gealaí grianghraif den tír-raon, úsáidfidh sé druilire beag le samplaí carraige a bháilíú agus i gceann cúpla lá, tá súil ag Nasa héileacáptair bheaga a láinseáil uaidh. Má tá an turgnamh rathúil, an chéad eitilt chumhachta lasmuigh den Domhan a bheidh i gceist.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

grád measta - predicted grade

athoscailt chéimnithe - stepped reopening

achomharc - appeal

lead chuimhneacháin - headstone

idirghabháil - intervention

tuirlingt rathúil - successful landing

carr gealaí - rover

cráitéar - crater

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners