Nuacht Mhall

20 Iúil 2024 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán gorm an bháis” ar maidin. Bhí ar dhochtúirí agus altraí ar fud an domhain leanúint ar aghaidh gan taca ríomhaireachta, agus bhí an uimhir éigeandála 911 díchumasaithe i gcuid de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cuireadh na mílte eitiltí ar ceal, bhí ar shiopaí glacadh le hairgead tirim amháin, agus cuireadh isteach go mór ar oibríocht margaidh idirnáisiúnta. Agus é seo á scríobh, níl sé soiléir cé chomh fada agus a leanfaidh an briseadh seirbhísí. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin le Crowdstrike, George Kurtz, go raibh an-bhrón ar an gcomhlacht faoin tubaiste.

Ar an Aoine freisin, rinne an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta breithiúnas comhairleach go bhfuil forghabháil Iosrael ar chríocha Palaistíneacha neamhdhleathach. D’ordaigh an chúirt go gcuirfí deireadh leis an fhorghabháil chomh tapaidh agus is féidir, agus go ndéanfaí lán-chúiteamh as. Dúirt an Chúirt go bhfuil prionsabail bhunúsacha den dlí idirnáisiúnta sáraithe ag Iosrael sna críocha forgafa, agus leithcheal córasach déanta ag Iosrael ar na Palaistínigh ann. Rinne caoga tíortha idirghabháil sa chás, Éire ina measc, ar son na Palaistíne. Dúirt urlabhraí le Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach raibh ann acht “breithiúnas bréag”. Mhol Hussein Al Sheikh, ard-rúnaí Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, an breithiúnas mar “bhua stairiúil ar son chearta mhuintir na Palaistíne”.

Beidh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann á imirt amárach, idir an Clár agus Corcaigh, in athdhéanamh ar an dá chluiche chlasaiceacha in 2013. Tar éis stop a chur le Luimneach sa chluiche leath-cheannais, beidh Corcaigh ag lorg a gcéad chraobh is tríocha; agus beidh an Clár ag iarraidh a gcúigiú craobh a bhaint amach. Beidh Páirc an Chrócaigh lán go raftaí, agus Éireannaigh ar fud an domhain ag féachaint air, agus den chéad uair, beidh an cluiche á chraoladh beo ag an BBC. Go n-éirí an t-ádh leis an dá fhoireann.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

bogearraí frith-víris - anti-virus software

scáileán gorm an bháis - the blue screen of death

forghabháil - occupation

leithcheal córasach - systematic discrimination

breithiúnas bréag - decision of lies

lán go raftaí - full to the rafters

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners