Nuacht Mhall

20 Meitheamh 2026 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”.

Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn Féin le sé vóta is ochtó i gcoinne seachtó. Táthar ag súil anois go gcuirfear an bille faoi bhráid an choiste sláinte le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Deir cuid de na daoine a vótáil ina choinne gurbh é ceann de na coinníollacha le haghaidh vótála sa reifreann roimhe seo an tréimhse feithimh trí lá seo. Ar an lámh eile, tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe níos faide. Mar sin féin, faoi láthair tá tréimhse feithimh trí lá idir comhairliúcháin dochtúra teaghlaigh agus ginmhilleadh suas le dhá sheachtain déag.

Deir an Taoiseach go bhfuil Éire ‘ag féachaint ar thoirmeasc’ ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi bhun sé bliana déag d’aois tar éis don Ríocht Aontaithe toirmeasc sínte a fhógairt. Dúirt sé, áfach, go leanfaidh beartas na hÉireann seasamh an Aontais Eorpaigh seachas toirmeasc aonair a leagan síos. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil roinnt airí sinsearacha i bhfabhar an toirmisc, agus go bhfuil toirmisc aonair curtha i bhfeidhm ag tíortha eile san Aontas Eorpach amhail an Phortaingéil cheana féin. Áireofar leis an toirmeasc sa Ríocht Aontaithe na suíomhanna meán sóisialta caighdeánacha chomh maith le gníomhaíochtaí eile amhail sruthú ar shuíomhanna cearrbhachais, agus compánaigh intleachta saorga, rud a théann níos faide ná an toirmeasc a thug an Astráil isteach ar dtús.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

lamháltais - concessions

bac cabhlaigh - naval blockade

tréimhse feithimh éigeantach - mandatory waiting period

ginmhilleadh - abortion

toirmeasc - prohibition

suíomhanna cearrbhachais - gambling sites

compánaigh intleachta saorga - AI companions

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,348 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

38 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

142 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

24 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

88 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

42 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

36 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

7 Listeners