Nuacht Mhall

21 Bealtaine 2022 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Dheimhnigh rialtas na Fionlainne agus rialtas na Sualainne an tseachtain seo go ndéanfaidís iarratas ar bhallraíocht NATO. Cé go raibh na tíortha sásta fanacht taobh amuigh den chomhghuaillíocht go dtí seo, tá ceannairí polaitiúla go mór i bhfabhar ballraíochta anois, mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le hUachtarán na Fionlainne Sauli Niinistö gur "meancóg" a bheadh ann dá bhfágfaidís neodracht ina ndiaidh, agus dúirt Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan nach nglacfadh a thír féin le ballraíocht na dtíortha nua. Níl Éire ina ball de NATO agus tá formhór an phobail i gcoinne stádas neodrach na tíre a chailleadh.

Tá Lá Dearg ar siúl i mBéal Feirste inniu. Tá daoine ag bualadh le chéile ag an Chultúrlann agus rachaidh an mhórshiúil go Halla na Cathrach, chun tacaíocht a léiriú do chearta teanga i dTuaisceart Éireann. Tharla an Lá Dearg deireanach sa bhliain 2017, beagnach cúig bliana ó shin. Beidh daoine ag teacht ó gach cearn d'Éirinn chun freastal ar an agóid. Cé gur luadh pleananna chun cearta teanga a thabhairt isteach in Óráid na Banríona, a thug a mac an Prionsa Séarlas, ní raibh trácht ar bith ar cén uair a chuirfear na beartais nua i bhfeidhm. Iarrtar ar dhaoine an dath dearg a chaitheamh agus na haischlibeanna #BéidhMéAnn, #AchtAnois agus #AnLáDearg a úsáid.

Tharla comórtas na hEoraifíse san Iodáil an deireadh seachtaine seo caite, ach níor éirigh le hÉirinn spás a fháil sa bhabhta ceannais Dé Sathairn. Ar deireadh thug muintir na hEorpa a gcuid vótaí don Úcráin, rud a léirigh comhbhá na mór-roinne don tír atá i gcruachás. Gheall Uachtarán na hÚcráine Vlodymyr Zelenskiy go dtarlódh an comórtas sa chathair Mariupol am éigin amach anseo, ach ní fios cén uair, mar níl deireadh leis an chogadh dearg go fóill, cé nach bhfuil ag éirí go maith le fórsaí na Rúise.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ballraíocht - membership

neodracht - neutrality

Óráid na Banríona - the Queen's Speech

beartais - policies

comhbhá na mór-roinne - the continent's sympathy

cruachás - plight

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners