Nuacht Mhall

21 Lúnasa 2021 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

Beagnach fiche bliain tar éis do na Stáit Aontaithe agus a gComhghuaillithe ionradh a dhéanamh ar an Afganastáin, tá an Talaban i réim an athuair. Thit Cabúl gan frithbheartaíocht an deireadh seachtaine seo caite, agus tá eagla go dtabharfaidh an réimeas nua isteach córas dian a chuireann cosc ar shaoirse mhná na tíre. Chomh maith leis sin, tá os cionn 300,000 duine a d’oibrigh leis fórsaí idirnáisiúnta, go leor ateangairí ina measc, buartha go mbeidh a saoil i gcontúirt bháis anois, cé go ndeir an Talaban go bhfuil an cogadh thart agus go mbeidh tuilleadh saoirse ag mná an t-am seo. Tharraing rialtas Joe Biden saighdiúirí Mheiriceá amach de réir comhaontú a rinne Donald Trump agus é ina Uachtarán anuraidh.

Tháinig deireadh ré Dé Sathairn, nuair a chaill foireann peile Bhaile Átha Cliath an chéad chluiche i gCraobh na hÉireann ó bhí 2014 ann. Bhí an bua ag Maigh Eo, atá ag iarraidh corn Sam Maguire a bhuachan seachtó bliain i ndiaidh an ama dheireanaigh, ach ní bheidh a fhios acu cé hiad a n-iomaitheoirí sa chluiche ceannais go dtí go n-imreoidh Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain ar an ochtú lá is fiche de mhí Lúnasa. I gCraobh iománaíochta na hÉireann, beidh an cluiche ceannais ar siúl amárach, Dé Domhnaigh, agus sealbhóirí Chorn Liam Mhic Cárthaigh Luimneach ag imirt i gcoinne Chorcaí.

Míle cúig chéad bliain ó rugadh Colm Cille i nGartán i dTír Chonaill, tá Acadamh Ríoga na hÉireann chun a shaol, a shaothar agus a oidhreacht a chomóradh an fómhar seo le sruth léachtaí. Beidh cainteoirí éagsúla ag roinnt a gcuid léinn ar líne gach Céadaoin ó 25 Lúnasa go dtí 6 Deireadh Fómhair. Rugadh Colm Cille in iarthuaisceart na hÉireann sa bhliain 521, ach chaith sé tamall fada ar Oileán Í, áit a bhfuair sé bás sa bhliain 597. Tá Foras na Gaeilge in Éirinn ag obair i gcomhar le Bòrd na Gàidhlig in Albain chun cumarsáid agus comhoibriú idir pobail na dteangacha Gaelacha a chothú. Thig leat an feachtas a leanúint leis an haischlib #colmcille1500.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ionradh - invasion

frithbheartaíocht - resistance

réimeas - regime

ateangairí - interpreters

deireadh ré - end of an era

iomaitheoirí - competitors

saothar - work

oidhreacht - heritage


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners