Nuacht Mhall

21 Márta 2026 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain. 

Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh. Bhuaigh an tÉireannach Jessie Buckley a céad Oscar ar son a róil mar bhean William Shakespeare, atá trína chéile tar éis bhás a mic atá aon bhliain déag d’aois. “Is rud ar leith é seo,” a dúirt Buckley. Ag trácht ar Lá na Máithreacha, ag deireadh a hóráide glactha, thiomnaigh sí a hOscar do “anord galánta chroí na máthar …. Go raibh míle, míle maith agat.” I measc na mbuaiteoirí eile, fuair an t-aisteoir Michael B Jordan ón scannán Sinners duais an aisteora is fearr, agus ba í Autumn Durald Arkapaw an chéad bhean ariamh ar bronnadh an duais cineamatagrafaíochta uirthi, mar gheall ar a hobair ar an scannán Sinners. 

Tráthnóna Dé hAoine, d’fhreastail na céadta daoine ar shochraid an cheoltóra Dolores Keane i gContae na Gaillimhe. Chuaigh an t-amhránaí ar shlí na fírinne agus í ina teach féin i nGaillimh Dé Luain seo caite, agus í 72 d’aois. Beidh cuimhne uirthi go deo mar dhuine den chór neamhaí guthanna ar an albam A Woman’s Heart ó 1992, in éineacht le Eleanor McEvoy, Mary agus Frances Black, Sharon Shannon, agus Maura O’Connell. Ba bhall bunaidh í den ghrúpa aitheanta De Danann, agus bhí ceann de na guthanna sainiúla de cheol tíre agus tráidisiúnta aici, agus tionchar ollmhór ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Lisa O’Neill agus Lankum. Dúirt an tAthair Gannon, cara teaghlaigh mhuintir Keane, gurb í Dolores “duine de na daoine ab umhaile ar an domhan seo” agus “Fríd an clú uilíoch seo, nár athraigh sí mar dhuine riamh.”

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

faoi dhliteanas pearsanta - personally liable

cúiseamh - accusation

scéinséir - thriller

anord galánta - beautiful chaos

neamhaí - heavenly

ball bunaidh - founding member

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,364 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

61 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,838 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

132 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

89 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

40 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

10 Listeners