Nuacht Mhall

21 Nollaig 2024 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.

In Éirinn, tá an idirbheartaíocht idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách chun rialtas nua a bhunú fós ar siúl. Toghadh Verona Murphy ina Ceann Comhairle Dé Céadaoin, an chéad bhean tofa san oifig údaí i stair an stáit. Is Teachta Dála neamhspléach ó Loch Garman í, agus dúirt sí gur mór an onóir di an ról a ghlacadh. Gheall sí go mbeidh sí cothrom agus stuama, agus gheall sí freisin a cuid Gaeilge a fheabhsú go leibhéal i gcomhréir leis an ról.

Dé Máirt, fógraíodh go mbeidh an calafort Holyhead ar Inis Món dúnta go dtí an cúigiú lá déag de mhí Eanáir, ar a laghad, mar gheall ar an dochar a rinne Stoirm Darragh ann. Cuirfidh an dúnadh isteach go mór ar dhaoine ag taisteal abhaile don Nollaig, agus ar an bpost idir Éire agus an Bhreatain. Dúirt urlabhraí ó Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann gur géarchéim atá ann, go mbeidh tionchar ollmhór ag an dúnadh ar an tionscal, agus go bhfuil baill dá gcuid ag cailleadh trí chéad míle euro gach seachtain mar gheall air. De ghnáth, téann 60% d’earraí a thagann isteach in Éirinn trí chalafort Holyhead. Tá an rialtas i gcomhoibriú le rialtas na Breataine Bige chun an tionchar a laghdú, agus an trácht a chur ar mhalairt slí trí Fishguard, Learpholl, nó Càrn Rìoghain in Albain.

D'éag Gearóid Ó Cairealláin, laoch na Gaeilge i mBéal Feirste agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine. Is iomaí gaisce a baineadh amach ar son na teanga faoina cheannasaíocht fhíseach, lena n-áirítear: an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge in Éirinn, Lá, a thosaigh in 1984; Coláiste Feirste, meánscoil lán-Ghaeilge a bunaíodh in 1991; Raidió Fáilte, a fuair ceadúnas in 2006; Aisling Ghéar, an compántas drámaíochta Gaelaí; agus Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, i gcroílár na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste. Tá clú agus cáil bainte amach ag a mhac Naoise, nó Móglaí Bap mar is fearr aithne air, sa bhanna ceoil Kneecap. Suaimhneas síoraí ar a anam uasal Gaelach.

Guíonn muid Nollaig shona, agus bliain úr faoi shéan is faoi mhaise, dár lucht éisteachta ar fud an domhain.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

idirbheartaíocht - negotiation

Grúpa Réigiúnach Neamhspleách - Regional Group of Independents

Inis Món - Ynys Môn/Anglesey

Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann - Irish Road Haulage Association

ceannasaíocht fhíseach - visionary leadership

ceadúnas - licence



...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners