Nuacht Mhall

21 Samhain 2020 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Tá an peileadóir Marcus Rashford tar éis togra nua spéisialta a eagrú do pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Sheol sé club leabhar nua do pháistí idir aon déag agus sé bliana déag d’aois i gcomhar le Macmillian Children’s Books sa Ríocht Aontaithe Dé Máirt. Don chéad leabhar, foilseofar leabhar nua leis an údar Carl Anka dar teideal You Are A Champion. Pléifear tábhacht an oideachais, cúrsaí cultúrtha, eiseamláirí baineanna agus an dearfacht. Is peileadóir é Rashford don chlub Manchester United ó 2015 agus fuair sé MBE i mbliana in ómós a chuid oibre ar son daoine atá faoi mhíbhuntáiste.

“Is iontach an lá é seo don eolaíocht agus don duine” sin a dúirt an Doctúir Albert Bourla, cathaoirleach Pfizer, maidir le vacsaín Covid-19 atá á triail acusan faoi láthair i gcomhar le BioNTech. Deir Pfizer go bhfuil éifeacht 90% leis an vacsaín atá táirgthe acu féin agus nach raibh aon imní faoina sábháilteacht. Mar gheall ar na torthaí sin, tá socrú déanta ag an Aontas Eorpach le Pfizer le 300 milliún dáileog dá vacsaín a cheannach in am trátha. Deir Pfizer go mbeidh dóthain den vacsaín déanta acu faoi dheireadh 2020 le cosaint a thabhairt do idir 15 agus 20 milliún duine. Fuair thart ar milliún duine ar fud na cruinne bás den Chovid-19.

Thug Zú Bhaile Átha Cliath foláireamh Dé Céadaoin go bhfuil seans ann go gcaithfí an áit a dhúnadh go buan mar gheall ar an ghéarchéim sláinte Covid-19. Bíonn an Zú dúnta faoi láthair ach caithfear aire agus beatha a thabhairt do na hainmhithe i gcónaí. Cosnaíonn sin thart ar cúig chéad míle euro gach mhí. Is eagraíocht sheachbhrabúsach í Zú Bhaile Átha Cliath nach bhfaigheann maoiniú ón Rialtas. D’eagraigh an Zú leathanach Just Giving chun síntiúis dheonacha a fháil ón bpobal. Bunaíodh an Zú i 1831 i bPáirc an Fhionnuisce agus faoi láthair cuirtear fáilte roimh milliún cuairteoirí gach bliain.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

faoi mhíbhuntáiste - disadvantaged

i gcomhar le - in association with

eiseamláirí baineanna - female role models

an dearfacht - positivity

torthaí - results, fruit

dáileog - dose

foláireamh - warning

eagraíocht sheachbhrabúsach - non-profit organisation

maoiniú - funding

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners