Nuacht Mhall

22 Bealtaine 2021 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Ghlac Comh-Aireacht Slándála Iosrael le sos comhraic chun deireadh a chur le coimhlint idir Iosrael agus míleataigh as Gaza. Dhaingnigh grúpaí armtha na Pailistíne an sos comhraic. Dúradh go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ón Aoine ag 2 a.m. Mhair an choimhlint aon lá déag go dtí seo, le 232 duine maraithe in Gaza agus dhá duine déag maraithe in Iosrael.

Dé réir cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, fuair sí gealltanais ó cheannaire nuathofa an DUP, Edwin Poots, go bhfuil sé mar rún aige reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna Sé Chontae. Dúirt Mary Lou McDonald go raibh cruinniú dearfach eatarthu Déardaoin, ina ndúirt Poots nach mbeadh an chomhroinnt i dTuaisceart Éireann faoi bhagairt chomh fada is a bheidh sé ina cheannaire sa DUP. In agallamh eile a rinne Poots i rith na seachtaine, dúirt sé gur mhaith leis dul ar aghaidh leis na pleananna a bhí beartaithe ag na páirtithe polaitíochta i mí Eanáir 2020, an reachtaíocht Ghaeilge ina measc.

Tar éis ceithre mhí, d’oscail siopaí miondíola in Éirinn agus treoracha maidir le covid-19 ag ísliú tuilleadh. Agus i mBaile Átha Cliath, athosclófar Club Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine den chéad uair le 15 mhí. Fuair breis agus 1.6 mhilliún duine an vacsaín in Éirinn go dtí seo, le níos mó ná 250,000 dáileog tugtha an tseachtain seo caite. Agus i Sasana, cuireadh fáilte roimh custaiméirí istigh i dtithe tábhairne, i mbialanna, agus in áiseanna siamsaíochta ón Luain seo caite.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

comh-aireacht slándála - security cabinet

sos comhraic - ceasefire

nuathofa - newly elected

comhroinnt - (power)sharing

siopaí miondíola - retail shops

áiseanna siamsaíochta - entertainment facilities

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners