Nuacht Mhall

22 Meitheamh 2024 (Ciarraí)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá is fiche dé mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Fuair tumadóirí lián amach ó Rinn an Róistigh a cheaptar a tháinig ó fhomhuireán Gearmánach a chuaigh go tóin poill le linn an Chéad Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1917 a bhí an fomhuireán ag cur mianaigh i gCuan Chorcaí chun cur isteach ar líne sholáthair Chabhlach na Breataine. Meastar go raibh pléascadh mianaigh ar bord agus bádh 27 de chriú nuair a chuaigh sé faoi. Ba mhaith leis an bhfoireann caomhnaithe a chinntiú gur ón bhfomhuireán sin a tháinig an lián agus ansin é a chosaint. Anuraidh a tháinig Timmy Carey ón gClub Tumadóireachta Fo-uisce ar an lián a bhí in aice leis an raic. Dúirt sé go raibh air plean a chur i gcrích chun aire a thabhairt dó mar bhí sé gan chosaint ó thrálaeir, ancairí agus seirbhísí tarrthála. Tháinig roinnt eagras le chéile chun tabhairt faoin obair seo, lena n-áirítear Cumann Fo-uisce na Dubhabhann, Seandálaíocht Mizen, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Ambasáid na Gearmáine.

Tá an t-uisceadán Mara Beo an Daingean i gContae Chiarraí ana-ghnóthach le cúrsaí caomhnaithe. Rugadh an chéad phiongain gheintiúch le deich mbliana anuas. Dúirt Bainisteoir Mara Beo Kevin Flannery go bhfuil rath ar an éan óg agus leis seo tá cúpla piongain Pheiriúch as Meiriceá Theas tar éis teacht amach. I rith na seachtaine beidh na céadta cnádán á scaoileadh in Inse. Tháinig na torbáin isteach go Mara Beo ar dtúis mar triomaíodh na locháin. Mar sin thug an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na torbáin isteach go Mara Beo agus scaoilfear leo ansin i bPáirc Náisiúnta na Mara. 

Tá Craobhchomórtas Peile na hEorpa faoi lán seoil sa Ghearmáin. Thosnaigh an comórtas seachtain ó shin agus críochnóidh sé i gceann trí seachtaine leis an gcluiche ceannais san Olympiastadion i mBeirlín ar an gceathrú lá déag de mhí Iúil. Agus é seo á scríobh, tá ag éirí go maith leis an nGéarmáin agus leis an Spáinn, a bhuaigh an chéad dá chluiche sa chomórtas, ach tá díomá ar lucht leanúna Shasana tar éis dóibh comhscór a fháil in aghaidh na Danmhairge Déardaoin. Tiocfaidh deireadh le céim na ngrúpaí Dé Céadaoin agus rachaidh sé fhoireann déag ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

lián - propellor

fomhuireán - submarine

mianaigh - mines

cnádán - natterjack toad

torbáin - tadpoles

comhscór - draw (in sport)


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,324 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

150 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,809 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

83 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners