Nuacht Mhall

23 Aibreán 2022 (Ard Mhacha)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le feachtas fornirt in oirthear na hÚcráine. Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig an tír, arsa Zelensky. Beidh an troid is troime ag tarlú i gceantair an Donbass, ait atá buailte ar an Chrimé atá faoi smacht na Rúiseach ó 2014. B’fhéidir go mbeidh an lámh in uachtar ag Arm na Rúise sa cheantar mór seo agus iad ag ionsaí ar fhronta 300 míle.


Tá fear 22 bliain d'aois cúisithe i Sligeach maidir leis na dúnmharuithe a tharla an tseachtain seo caite. Cúisíodh Yousef Palani i ndúnmharú Aidan Moffitt, 41 bliain d'aois agus Michael Snee, 58 bliain d'aois. Tá cúis eile curtha i leith Yousef Palani maidir le hionsaí tromchúiseach a rinneadh ar Anthony Burke i Sligeach chomh maith. Tá ráiteas eisithe ag Comhairle Síochána agus Imeasctha Mhoslamaigh na hÉireann ag ofráil dlúthpháirtíochta agus ag cáineadh homafóibe go géar.

Deir an tOllamh Luke O'Neill, imdhíoneolaí i gColáiste na Tríonóide, go bhfuil na vacsaíní Covid-19 éifeachtach i gcoinne na n-athraitheach nua ar an choróinvíreas. Is é an Oimiocrón XE an t-ainm atá ar na hathraithigh nua. Dar leis an Ollamh O'Neill ní raibh ach cás amháin taifeadta sa Stát ach roinnt cásanna sa Tuaisceart. Dar le torthaí suirbhé a foilsíodh san Irish Times le déanaí, tá nócha a cúig faoin chéad de dhaoine den tuairim go "gcaithfidh muid maireachtáil leis an víreas", ach tá deighilt sa phobal maidir le srianta nua i gcoinne Covid amach anseo.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

feachtas fornirt - campaign of violence

fronta - front (in war)

ionsaí tromchúiseach - serious assault

Comhairle Síochána agus Imeasctha Mhoslamaigh na hÉireann - Irish Muslim Peace and Integration Council

imdhíoneolaí - immunologist

athraitheach - variant

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners