Nuacht Mhall

23 Eanair 2021 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 23ú lá de mhí Eanáir. Is mise Liam Ó Brádaigh.

“Éistíodh toil na ndaoine agus tugadh aird ar thoil na ndaoine.” Sin a dúirt Joe Biden ina chéad óráid mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Insealbhaíodh Biden roimh meán lae Dé Máirt agus roinnt uaireanta a chloig tar éis an tsearmanais insealbhaithe, chuir an riarachán nua tús lena mbeartais a chur i bhfeidhm agus go leor de chinntí Donald Trump a aisiompú. Ar dtús, fógraíodh go dtiocfaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá isteach arís le comhaontú Pháras. Níor fhreastail réamhtheachtaí Biden láithreach ar an insealbhú inar gheall an tUachtarán nua béim a chur ar an timpeallacht, cearta ciníocha agus aontacht náisiúnta.

Tá 72 imreoir leadóige idirnáisiúnta faoi choraintín ina seomraí óstáin i Melbourne ar feadh coicíse. Tháinig na himreoirí chun páirt a ghlacadh i gCraobh Oscailte na hAstráile agus dúirt príomh-aire Victoria, Daniel Andrews nach bhfaigheadh na himreoirí aon chóireáil speisialta mar gheall ar a gcáil. Tháinig sé seo tar éis do roinnt imreoirí ardphróifíle gearán a dhéanamh ar na meáin shóisialta go raibh siad míshásta leis na háiseanna ina gcóiríocht. D’éiligh Novak Djokovic (an Uimhir a hAon Domhanda faoi láthair) go n-aistreofaí imreoirí chuig tithe príobháideacha le cúirteanna leadóige chun traenáil iontu. De réir mar a bhíonn an chuid eile de Victoria faoi ghlas, is dóigh go dtabharfaidh rialtas Victoria cluas bhodhar do na hiarratais seo.

Tá rabhadh sneachta cúig lá tugtha ag Met Éireann maidir le héifeachtaí Stoirm Christoph sa tseachtain amach romhainn. Tá coinníollacha geimhridh tuartha ar fud na tíre, le riosca sneachta, oighir agus seaca. Cheana féin, tá fadhbanna tuile i gCo. Ros Comáin tar éis báistí troime.  I gceantair den Ríocht Aontaithe, idir an dá linn, tá tuilte troma mar thoradh ar Stoirm Christoph agus aslonnaíodh roinnt cónaitheoirí i dTuaisceart Shasana óna dtithe.


Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

insealbhú - induction, inauguration

réamhtheachtaí - predecessor

cóireáil speisialta - special treatment

cóiríocht - accommodation

rabhadh - warning

tuartha - predicted


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners