Nuacht Mhall

24 Iúil 2021 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tá rialtais údarásacha ag baint úsáid as teicneolaíocht  a chruthaigh an comhlacht Iosraelach, Grúpa NSO, chun spiaireacht ar ghníomhaí ar son cearta an duine, iriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí ar fud an domhain, de réir imscrúdú de chuid na meán an tseachtain seo. Dúirt an Grúpa NSO go n-úsáidtear an bogearra haiceála, ‘Pegasus’ chun súil a choinneáil ar choirpigh aitheanta agus sceimhlitheoirí. Íoslódáilte go rúnda ar fhón an íospartaigh, ceadaíonn na bogearraí rochtain iomlán ar ríomhphoist, teachtaireachtaí agus fuaim an duine. Dúirt Agnès Callamard ó Amnesty International go dtaispeánann an nochtadh seo an fíorghá le hathrú laistigh den tionscal faireachais.

Don dara bliain as a chéile, rinne Moslamaigh na hÉireann ceiliúradh ar fhéile Eid ag ocáid scartha sóisialta i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin. D’fhreastail breis agus 300 duine chun guí ag an staid, in uimhreacha nach gceadófaí ag mosc faoi rialacha Covid. Dúirt Shaykh Umar Al-Qadri, eagraí na hócáide agus cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Comhtháthaithe Moslamach na hÉireann, go raibh an pobal Moslamach ar fad buíoch go síoraí as ucht an deis a bheith acu páirc CLG a úsáid don tseirbhís lasmuigh. I láthair freisin, bhí ionadaithe ó roinnt reiligiún eile, san áireamh, an tArdeaspag Caitliceach Dermot Farrell, an tUrramach Michael Jackson as Eaglais na hÉireann agus an Rabbi Zalman ón bPobal Giúdach.

Tá Bille curtha chun cinn ag Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe chun deireadh a chur le mí-úsáid chaomhnóireachta ar dhaoine leochaileacha. Ligfeadh an tAcht seo do dhuine atá faoi chaomhnóireacht a gcaomhnóir a athrú gan mí-úsáid a chruthú. Tagann an fhorbairt seo agus an feachtas “Free Britney” fós ag tarraingt aird agus tacaíochta idirnáisiúnta ar na meáin shóisialta. Rinne an t-amhránaí Britney Spears achomharc chun deireadh a chur leis an gcaomhantais a choinnigh a saol pearsanta, a hairgeadas, agus a gairm faoi smacht a hathar ó 2008.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

spiaireacht - spying

coirpigh aitheanta agus sceimhlitheoirí - recognised criminals and terrorists

Comhairle Síochána agus Comhtháthaithe Moslamach na hÉireann - Irish Muslim Peace and Integration Council

ionadaithe - representatives

caomhnóireacht - conservatorship

mí-úsáid a chruthú - to prove abuse

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners