Nuacht Mhall

25 Bealtaine 2024 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D’fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go leanfaidh tíortha eile an eiseamláir seo. Bhí an-fhearg ar rialtas Iosrael agus d’athghair siad ambasadóir na tíre in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá barántas gabhála á lorg an tseachtain seo ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netenyahu agus don Aire Cosanta, Yoav Gallant, chomh maith le triúr ceannairí de chuid Hamas. Tá an t-ionchúisitheoir ag an gCúirt ag iarraidh iad a ghabháil mar gheall ar choireanna cogaidh agus
coireanna in aghaidh an duine. Déanfar scrúdú ar na hiarratais go luath ach fiú má éisíonn an Chúirt an barántas, níl aon chumhacht aici é a chur i bhfeidhm. Cuireann an Chúirt i leith go bhfuil Netanyahu agus Gallant ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh. Tá níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh agus tá an daonra sa réigiún i mbéal an bháis leis an ocras de réir oibrithe cabhracha.


Maraíodh Uachtarán na hIaráine Ebrahim Raisi, an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile i dtimpiste héileacaptair Dé Domhnaigh. Tharla an timpiste i gceantar sléibhtiúil in aice le teorainn na hAsarbaiseáine. Bhí an héileacaptair ag teacht thar n-ais ó shearmanas oscailte damba nuair a chuaigh sé i sáinn i gceo trom. Ceannaire ana-choimeádach a bhí in Raisi, duine a chuir faoi chois go cruálach éirí amach na mban agus na
gcailíní in 2022. Bhí Raisi ana-mhór leis an Ard-Cheannaire, an Ayatollah Ali Khamenei, agus ceapadh go mbeadh sé féin ag teacht i gcomharbacht air sa todhchaí. Fógraíodh cúig lá
dobróin sa tír ón Luan seo caite.


Tá an Ghaeltacht Chois Tamaise ar siúl arís an deireadh seachtaine seo i gcroílár Londan. Seo an tríú bliain den imeacht atá ag dul ó neart go neart ó thosaigh sí in 2022. Cuireadh tús leis Dé hAoine le Pop-Up Gaeltacht i gCeamdain agus anois tá dhá lá de ranganna i scoil Haverstock, i dtuaisceart Londan ar an Sathairn agus ar an nDomhnach. Chomh maith leis sin, beidh roinnt imeachtaí cúltúrtha ar siúl le linn an deireadh seachtaine, mar shampla léiriú an scannáin Arracht, séisiún ceoil, ranganna ióga agus siúlóid Ghaelach trí lár na cathrach. Má tá suim agat inti, tá drochscéala againn: tá na ticéid go léir díolta amach le cúpla seachtain.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

aitheantas - recognition

coilíneachas - colonialism

barántas gabhála - arrest warrant

ionchúisitheoir - prosecutor

damba - dam

dobrón - mourning

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners