Nuacht Mhall

25 Márta 2023 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde úr. Léirigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana. Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i gcuid mhaith den chaint i nGaeilge sa Dáil. De réir an taighde, dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn na tréimhse de 19 lá sa taighde, ní bheadh ann ach thart ar uair agus 25 nóiméad an chloig cainte. 
Tá drisiúr leathan dearg ón 19ú céad a bhí le feiceáil sa chistin i dteach Phadraig sa scannán The Banshees of Inisherin , i measc na dtroscán a bheidh ar díol ón scannán ag ceant d’earraí dúchasacha atá á reáchtáil ag an chomhlacht ceantála Adam’s i mBaile Átha Cliath. €3,000 – €4,000 atá luaite leis an drisiúr dearg ó scannán Martin McDonagh agus é ar cheann de na hearraí is daoire sa cheant ag muintir Adam’s a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Tá dhá phictiúr tírdhreacha ‘le tithe sa stíl shoineanta’ a bhí crochta i dteach Choilm ar díol chomh maith. Beidh an ceant ar siúl ar an 12ú Aibrean, agus beidh troscán is feisteas tí, ealaíona, earraí ceardaíochta is criadóireachta ar díol ann chomh maith le hearraí eile a shantaíonn bailitheoirí.
Tá tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach do chuid dá chomhaontú nua Brexit le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP. Dúirt Rúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris go raibh coscán Stormont “ar cheann de na hathruithe is suntasaí” sa phlean don réigiún – “athrú láidir a thugann cros don Riocht Aontaithe ar ailíniú dinimiciúil le rialacha an Aontais Eorpaigh”. Ach dhiúltaigh na hiar-phríomh-airí Boris Johnson agus Liz Truss tacaíocht a thabhairt don pholasaí, agus dúirt Johnson go gciallódh sé nach raibh “an Ríocht Aontaithe ar fad” in ann “éagsúlú i gceart agus leas a bhaint as an Bhreatimeacht”. Agus dúirt ceannaire an DUP, Sir Jeffrey Donaldson, nach féidir leis gealltanas a thabhairt dá pháirtí “na hinstitiúidí polaitiúla a athbhunú” i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an socrú.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

mionchaint - small talk

beannachtaí - greetings

drisiúr - dresser

ceant - auction

ailíniú dinimiciúil - dynamic alignment

frithfhreagairt - backlash

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners